Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – Melnichenko  v an Chomhairle

(Cás T-1114/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Andrey Melnichenko (St. Moritz, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Miron, D. Müller, H. Bajer Pellet agus R. Piéri, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin,1 agus Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, 2 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir agus a dhéanann difear dó;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle1 agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle2 arna leasú leis na gníomhartha atá faoi chonspóid (“critéar (g)”).

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sa rogha mhalartach earráid mheasúnaithe i gcur i bhfeidhm chritéar (g) agus mainneachtain cloí leis an dualgas cruthúnais.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra agus go ginearálta ar oibleagáidí an Aontais Eorpaigh maidir le cearta bunúsacha a chosaint.

____________

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 3).

1 Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 104).

1 Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

1 Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).