Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 25 Aibreán 2024 – Corporate & Public Management Consulting International v an Coimisiún
(Cás T-106/24 R)
(Bearta eatramhacha – Conarthaí seirbhíse poiblí – Seirbhísí teicniúla arna soláthar chun tacú le comhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus an tSeoirsia – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Easpa fumus boni juris)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Corporate & Public Management Consulting International OÜ (an Taillinn, an Eastóin) (ionadaí: C. Ginter, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Romoli agus T. Van Noyen, gníomhairí)
Ábhar
Lena iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar fionraí oibriú chinneadh Ares(2024) 1081885 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2024, maidir le glao ar thairiscintí NEAR/TBS/2023/EA-RP/0125, dar teideal ‘EU-Georgia European Union Integration, DCFTA implementation and SME Development Facility’, ag diúltú do thairscint an iarratasóra toisc é a bheith do-ghlactha agus, ar an dara dul síos, síniú na gconarthaí idir an Coimisiún Eorpach agus na tairgeoirí eile maidir leis an nós imeachta um sholáthar poiblí sin a chur ar fionraí.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.
Cuirtear ordú an 23 Feabhra 2024, Corporate & Public Management
Consulting International v an Coimisiún (T-106/24 R) ar ceal.
Forchoimeádtar na costais.
____________