Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2024 – Fashion Box v EUIPO – Ghostthinker (RE:PLAY)
(Cás T-163/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Fashion Box SpA (Asolo, an Iodáil) (ionadaithe: A. Parassina agus A. Giovannardi, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ghostthinker GmbH (Augsburg, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘RE:PLAY’ –Iarratas ar chlárú Uimh. 18 376 980
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bord Achomhairc de EUIPO an 25 Eanáir 2024 i gCás R 424/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO iarratas EUTM Uimh. 18 376 980 le haghaidh RE:PLAY a dhiultú;
a ordú do Ghostthinker GmbH na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.
____________