Achomharc arna thabhairt an 17 Samhain 2022 ag JCDecaux Street Furniture Belgium i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-642/19, JCDecaux Street Furniture Belgium v an Coimisiún
(Cás C-710/22 P)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: JCDecaux Street Furniture Belgium (ionadaithe: A. Winckler, M. Malanda, avocats)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Clear Channel Belgium
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
Breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-642/19, JCDecaux Street Furniture Belgium v an Coimisiún a chur ar neamhní;
An t-ordú arna lorg ag JCDecaux ag an gcéad chéim a dheonú agus Airteagal 1 de Chinneadh C(2019) 4466 ón gCoimisiún Eorpach an 24 Meitheamh 2019 maidir le Státchabhair SA.33078 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur i ngníomh ag an mBeilg i bhfabhar JCDecaux Belgium Publicité, a mhéid ar cinneadh leis gurb ann do Státchabhair i bhfabhar JCDecaux i gcur chun feidhme Chonradh 1984, agus Airteagail 2 go 4 de, a mhéid a ordaítear do Stát na Beilge an chabhair a aisghabháil ó JCDecaux, a chur ar neamhní;
a ordú don Choimisiún na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, áitíonn JCDecaux gur ghlac an Chúirt Ghinearálta réasúnaíocht fhrithráiteach ina breithiúnas agus go ndearna sí earráid dlí trína mheas gur bhuntáiste eacnamaíoch é úsáid JCDecaux de thaispeántais fógraíochta áirithe faoi Chonradh 1984 i ndiaidh dá dháta éaga a bheith istigh, agus gur thug sí bréagléiriú ar na fíorais a mhéid a mheas sí gur cumhdaíodh na taispeántais fógraíochta le Conradh 1999, ar an mbonn go mbeadh “cíosanna agus cánacha” tar éis a bheith dlite.
____________