Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2023 – Shaman Spirits v EUIPO – Global Drinks Finland (LAPLANDIA Land of purity agus eile)
(Cás T-679/22)1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta um chinntí a chúlghairm nó iontrálacha a chealú– Cealú iontrála i gclár ina bhfuil earráid fhollasach is inchurtha i leith EUIPO – Clárú ceadúnas sa chlár do na marcanna fíortha LAPLANDIA Land of purity agus eile – Coinníollacha chun ceadúnas a chlárú – Cruthúnas gur dheonaigh úinéir cláraithe an ceadúnas – An coincheap ‘earráid fhollasach is inchurtha i leith EUIPO’ – An dara habairt d’Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 – An chéad abairt d’Airteagal 103(1) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Oy Shaman Spirits Ltd (Tyrnävä, an Fhionlainn) (ionadaí: R. Almaraz Palmero, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Global Drinks Finland Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaí: T. Talvitie, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an cinneadh ón gCéad Bhord Achomharc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Meán Fómhair 2022 (Cás R 909/2021-1), a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Oy Shaman Spirits Ltd na costais a thabhaigh Global Drinks Finland Oy, lena n-áirítear iad siúd a thabhaigh sé os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc.
Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 15, 16.1.2023.