Language of document :

Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2024 – An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne

(Cás C-70/24)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Galindo Martín agus E. E. Schmidt, Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Spáinne

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, toisc nár ghlac sí na dlíthe, na rialacháin ná na forálacha riaracháin go léir is gá chun Treoir (AE) Uimh. 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2019 1 a chomhlíonadh, gur mhainnigh Ríocht na Spáinne na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 20(1) den Treoir sin, nó ar aon chuma, trí gan na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún;

a ordú do Ríocht na Spáinne cnapshuim is ionann leis an méid is mó de na suimeanna seo a leanas a íoc leis an gCoimisiún: (i) méid laethúil EUR 9760 arna hiolrú faoi líon na laethanta ar lean an sárú ar aghaidh idir an lá tar éis dhul in éag na tréimhse trasuímh a leagtar síos in Airteagal 20(1) den Treoir agus an dáta a gcuirfidh Ríocht na Spáinne deireadh leis an sárú, nó, ina éagmais sin, dáta tugtha an bhreithiúnais de bhun Airteagal 260(3) CFAE; (ii) cnapshuim íosta EUR 6 832 000;

I gcás ina leanfaidh mainneachtain na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh de bheith ann go dtí dáta seachadta an bhreithiúnais sna himeachtaí seo, ordú a thabhairt do Ríocht na Spáinne íocaíocht phionósach laethúil EUR 43920 a íoc leis an gCoimisiún ó dháta an bhreithiúnais sna himeachtaí seo go dtí go gcomhlíonfaidh Ríocht na Spáinne a hoibleagáid faoi Airteagal 20(1) de Threoir (AE) 2019/1158 maidir le fógra a thabhairt faoi bhearta lenar trasuíodh an treoir sin;

a ordú do Ríocht na Spáinne na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Leagtar síos íoscheanglais le Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019, atá dírithe ar chomhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir chomhionann ag an obair, trí chomhréiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh d'oibrithe ar tuismitheoirí, nó cúramóirí iad, a éascú. Faoi Airteagal 20(1) den Treoir sin agus faoi réir mhír 2 de, ní mór do na Ballstáit na rialacha sin a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 2 Lúnasa 2022 agus an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi.

Mhainnigh Ríocht na Spáinne san oibleagáid sin; dá bhrí sin, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Ríocht na Spáinne an 21 Meán Fómhair 2022. Thug Ríocht na Spáinne freagra ar an litir fógra fhoirmiúil sin an 18 Samhain 2022, inar míníodh go mbeadh trasuí na Treorach i bhfoirm dlí agus i bhfoirm Foraithne Ríoga araon agus, a mhéid a bhaineann leis an dlí, go raibh na céimeanna deiridh a bhí le glacadh ag an Rialtas ar feitheamh. An 19 Aibreán 2023, sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig Ríocht na Spáinne, ar thug Ríocht na Spáinne freagra uirthi an 6 Meitheamh 2023 i litir inar admhaíodh nár thrasuigh sí Treoir (AE) 2019/1158 laistigh den sprioc-am agus inar cuireadh in iúl gur áiríodh trasuí na Treorach sa dréacht-Dlí Teaghlaigh a ghlac an Consejo de Ministros (Comhairle na nAirí) an 28 Márta 2023, a bhfuil deireadh tagtha lena próiseáil de bhun dhíscaoileadh na parlaiminte náisiúnta (las Cortes Generales).

Glacadh Treoir (AE) 2019/1158 faoin ngnáthnós imeachta reachtach agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme Airteagal 260(3) CFAE. Mhainnigh Ríocht na Spáinne ina hoibleagáid faoi Airteagal 20(1) de Threoir (AE) 2019/1158 agus faoi réir mhír 2 de, chun na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2022. Dá bhrí sin, comhlíontar na coinníollacha chun Airteagal 260(3) CFAE a chur i bhfeidhm.

Sa chomhthéacs sin, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais a ordú do Ríocht na Spáinne cnapshuim agus íocaíocht phionósach a íoc faoi Airteagal 260(3) CFAE, ar ríomh an Coimisiún a mhéid ar bhonn na teachtaireachta maidir le pionóis airgeadais in imeachtaí um shárú 1 .

____________

1 Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO 2019, L 188, lch. 79)

1 IO 2023, C 2, lch. 1.