Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Meitheamh 2023 – LF v Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia za bezhantsite

(Cás C-352/23[Changu]1 )

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Sofia-grad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LF

Cosantóir: Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia za bezhantsite

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear aithris 15, Airteagal 2(h) agus Airteagal 3 de Threoir 2011/951 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar a léiriú sa chaoi go gceadaítear do Bhallstát leo reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena dtugtar cosaint idirnáisiúnta ar chúiseanna teaghlaigh nó daonnúla nach bhfuil, de réir aithris 15 agus Airteagal 2(h) de Threoir 2011(95) (cineál eile cosanta), ag luí le loighic agus spiorad Threoir 2011/95, nó an é nach mór, i gcás den sórt sin, an deis a leagtar síos sa dlí náisiúnta maidir le cosaint a thabhairt ar “chúiseanna daonnúla”, de réir Airteagal 3 de Threoir 2011/95, a bheith i gcomhréir leis na caighdeáin a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta?

An bhfuil oibleagáid faoi aithris 12 agus Airteagal 14(2) de Threoir 2008/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) ar Bhallstáit dearbhú i scríbhinn a eisiúint go héigeantach do náisiúnaigh tríú tír lena ndeimhnítear go bhfuil siad ag fanacht go mídhleathach ach nach féidir iad a chur ar ais go fóill?

I gcóras reachtaíochta náisiúnta, ina bhfuil an t-aon fhoráil lena rialaítear stádas náisiúnaigh tríú tír ar “chúiseanna daonnúla” in Airteagal 9(8) den Zakon za ubezhishteto i bezhantsite (Dlí maidir le tearmann agus teifigh, “ZUB”), an bhfuil léiriú ar an bhforáil náisiúnta sin, ar léiriú é nach bhfuil ag luí leis na saintréithe agus na cúiseanna i dTreoir 2011/95 i gcomhréir le haithris 15, Airteagal 2(h) agus Airteagal 3 de Threoir 2011/95?

An gceanglaítear le hAirteagail 1, 4 agus 7 den Chairt, chun críoch Treoir 2011/95 a chur i bhfeidhm, scrúdú ar cé acu an ionann fanacht fada náisiúnaigh tríú tír gan stádas rialtaithe i mBallstát agus cúis neamhspleách chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt mar gheall ar “chúiseanna daonnúla práinneacha” nó nach ionann?

An gceadaítear, leis an oibleagáid dhearfach atá ar Bhallstát an chosaint faoi Airteagail 1 agus 4 den Chairt a áirithiú, léiriú leathan ar an mbeart náisiúnta faoi Airteagal 9(8) de ZUB nach luíonn le loighic agus caighdeáin na cosanta idirnáisiúnta faoi Threoir 2011/95, agus an gceanglaítear léiriú léi atá bunaithe go heisiach ar chosaint na gceart bunúsach absalóideach faoi Airteagail 1 agus 4 den Chairt?

Mura dtugtar an chosaint faoi Airteagal 9(8) de ZUB do náisiúnach tríú tír atá sa chás céanna leis an iarratasóir, an féidir leanúint as sin nach bhfuil a oibleagáidí faoi Airteagal 1, 4 agus 7 á gcomhlíonadh ag an mBallstát?

____________

1     Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

1     IO 2011 L 337, lch. 9.

1     IO 2008 L 348, lch. 98.