Language of document :

Caingean arna tabhairt an 30 Deireadh Fómhair 2023 – Bloom v an Coimisiún

(Cás T-1049/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Bloom (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: F. Lafforgue, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 30 Aibreán 2023 lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú inmheánach de réir bhrí Airteagal 2(1)(g) de Rialachán Aarhus maidir leis an litir ón gCoimisiún Eorpach an 5 Aibreán 2023 lenar chuir Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta in iúl don Choimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (“IOTC”) gur chuir an tAontas Eorpach agóid i gcoinne Rún 23/02 maidir le bainistíocht i ndáil le Sruthfheistí Comhthiomsaithe Éisc (“FAD”) i réimse freagrachta IOTC de bhun Airteagal IX, mír 5, den Chomhaontú lena mbunaítear IOTC a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach a chostais féin, chomh maith leis na costais sin arna dtabhú ag an iarratasóir, a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil earráid fhollasach measúnaithe déanta ag an gCoimisiún Eorpach. Maíonn an t-iarratasóir gur gníomh í an litir agóide is ábhar don iarraidh ar athbhreithniú a d’fhéadfadh a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú agus gur sárú ar dhlí comhshaoil an Aontais í.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an réamhchúraim. Measann an t-iarratasóir go bhfuil úsáid sruth-FADanna ar cheann de na bunchúiseanna le gabhálacha de thaisme, cibé acu speicis nach spriocspeicis iad nó cinn óga an spriocspeicis. Dá bhrí sin, is é an cur chuige is láidre chun bac a chur ar róshaothrú stoc éisc chun go mbeidh siad in ann téarnamh ná Rún 23/02 IOTC, lena ndéantar foráil maidir le hiamh úsáide FADanna ar feadh 72 lá.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 1 . Dar leis an iarratasóir, i gcás gach speicis, 10% a bheidh sa chorrlach lamháltais a cheadófar le haghaidh na meastachán a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta ar na cainníochtaí éisc i gcileagraim arna choinneáil ar bord. Mar sin féin, tagann sárú ar an gchorrlach lamháltais sin den chuid is mó go díreach ó úsáid sruth-FADanna. Is í úsáid sruth-FADanna is cúis le méadú foghabháile speiceas nach spriocspeicis iad nó na cinn óga, go háirithe tuinníní buí agus tuinníní mórshúileacha. Cé go bhfuil cinn óga an dá speiceas cosúil lena chéile, ní féidir leis na báid tuinníní a ngabhálacha de réir speicis a thuairisciú agus, mar sin, ní féidir leo a áirithiú go gcomhlíonfar an corrlach lamháltais 10%.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO 209 L 343, lch. 1).