Language of document :

Caingean arna tabhairt an 11 Deireadh Fómhair 2023 – AC v an Coimisiún

(Cás T-1025/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AC (ionadaithe: D. Rovetta agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh intuigthe ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a chur ar neamhní lena ndiúltaítear gearán an iarratasóra a taisceadh an 1 Márta 2023 faoi Airteagal 90(2) de Rialachán Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh;

cinneadh EPSO/an Bhoird Roghnúcháin an 2 Nollaig 2022 a chur ar neamhní lena ndiúltaítear iarratas an iarratasóra ar athbhreithniú ar chinneadh an bhoird roghnúcháin gan an t-iarratasóir a chur ar an liosta ionadaithe a bhaineann leis an gComórtas Oscailte EPSO/AD/394/21 AD7-2 – Imscrúdaitheoirí Frith-Chalaoise (AD 7);

cinneadh EPSO/an bhoird roghnúcháin an 18 Deireadh Fómhair 2022 a chur ar neamhní, arna fhoilsiú ar chuntas EPSO an iarratasóra, gan an t-iarratasóir a chur ar an “liosta ionadaithe” de na hiarratasóirí ar éirigh leo sa chomórtas EPSO/AD/394/21 AD7 – 2 – Imscrúdaitheoirí Frith-Chalaoise (AD 7) – Riarthóirí Imscrúduithe agus oibríochtaí frith-chalaoise sna réimsí seo: custam agus trádáil, tobac nó earraí góchumtha;

Más gá, trí dhearbhú neamhdhleathachta de bhun Airteagal 277 CFAE a dhéanamh ar dtús i dtaca le fógra comórtais oscailte EPSO/AD/394/21 – Imscrúdaitheoirí Frith-Chalaoise (AD 7) agus Saineolaithe Frith-Chalaoise (AD 9) sna réimsí seo a leanas: Réimse 1: Imscrúduithe agus oibríochtaí frith-chalaoise sna réimsí seo: caiteachas an Aontais agus an frith-éilliú; Réimse 2: Imscrúduithe agus oibríochtaí frith-chalaoise sna réimsí seo: custam agus trádáil, tobac nó earraí góchumtha – agus trína dhearbhú nach mbaineann sé leis an iarratasóir ná leis an gcás atá i gceist, a foilsíodh san Iris Oifigiúil (IO 2021 C 405A, lch. 1):

–     cúiteamh EUR 5000 a dhámhachtain don iarratasóir as na damáistí arna dtabhú mar gheall ar na cinntí neamhdhleathacha thuasluaite atá faoi chonspóid;

–    a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe ar scileanna an iarratasóra agus sárú ar an oibleagáid réasúin a shonrú dá bhforáiltear in Airteagal 296 CFAE agus in Airteagal 25 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’)

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe ar scileanna an iarratasóra, sárú ar phrionsabail an dea-riaracháin agus na neamhdhleathachta faoi Airteagal 277 CFAE, i dtaca le pointe 3 den chuid faoin teideal “An tIonad Measúnaithe” faoin roinn dar teideal “Conas a dhéanfar an roghnú” d’fhógra comórtais oscailte EPSO/AD/394/21, sa chuid ina bhforáiltear gur féidir na scrúduithe beartaithe a dhéanamh ar líne freisin.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa cobhsaíochta i gcomhdhéanamh an bhoird roghnúcháin i rith an scrúdaithe béil a ghabhann leis an gcomórtas agus easpa beart comhordaithe dóthanach curtha i bhfeidhm chun measúnú seasmhach agus oibiachtúil, comhdheiseanna agus cóir chomhionann idir na hiarratasóirí a áirithiú.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 1 go 4 de Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa 1 , sárú ar Airteagail 1d agus 28 de na Rialacháin Foirne chomh maith le hAirteagal 1(1)(f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe agus neamhdhleathacht fhógra comórtais oscailte EPSO/AD/394/21, arna agairt i bhfianaise Airteagal 277 CFAE.

____________

1 IO 1958, 17, lch. 385.