Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Deireadh Fómhair 2023 – Nagolimad v an Coimisiún (Saorlimistéar Mhaidéara)

(Cás T-668/22) 1

(Státchabhair – Saorlimistéar Mhaidéara – Scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil – Cinneadh lena n-aithnítear nach gcomhlíontar an scéim Cinntí C(2007) 3037 final agus C(2013) 4043 final lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear an chabhair a deonaíodh agus í á cur i bhfeidhm a aisghabháil – Oibleagáid cúiseanna a lua – An coincheap “cabhair atá ann cheana” de réir bhrí Airteagal 1(b)(ii) de Rialachán (AE) 2015/1589 – Tréimhse réasúnta – Aisghabháil – Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh – Deimhneacht dhlíthiúil – An ceart chun triail chóir a fháil – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Nagolimad – Serviços Internacionais, SA (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: M. Afonso agus J. Ferreira Faria, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Barcew agus P. Caro de Sousa, Gníomhairí)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an Cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 ar neamhní, maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil do shaorlimistéar Mhaidéara (Zona Franca da Madeira – ZFM) – Scéim III (IO 2022, L 217, lch. 49).

An chuid oibríochtúil

1.    Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

2.    Ordaítear do Nagolimad – Serviços Internacionais, SA na costais a íoc .

____________

1     IO C 482, 19.12.2022.