Ordú na Cúirte Ginearálta an 27 Deireadh Fómhair 2023 – Nutmark agus Piamark v an Coimisiún (Saorlimistéar Mhaidéara)
(Cásanna T-714/22 agus T-715/22) 1
(Státchabhair – Saorlimistéar Mhaidéara – Scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil – Cinneadh lena n-aithnítear nach gcomhlíontar an scéim Cinntí C(2007) 3037 final agus C(2013) 4043 final lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim sin ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear an chabhair a deonaíodh agus í á cur i bhfeidhm a aisghabháil – Oibleagáid cúiseanna a lua – An coincheap “Státchabhair” – Cabhair atá ann cheana de réir bhrí Airteagal 1(b)(ii) de Rialachán (AE) 2015/1589 – Aisghabháil – Ionchas dlisteanach – Deimhneacht dhlíthiúil – Ceart chun maoine príobháidí – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir sa chás T-714/22: Nutmark, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: P. Vidal Matos, F. Lança Martins agus C. Marques Aparício, Dlíodóírí)
Iarratasóir sa chás T-715/22: Piamark, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal) (ionadaithe: P. Vidal Matos, F. Lança Martins agus C. Marques Aparício, Dlíodóírí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Barcew agus P. Caro de Sousa, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingne faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil do shaorlimistéar Mhaidéara (Zona Franca da Madeira – ZFM) – Scéim III (IO 2022 L 217, lch. 49) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Déantar Cásanna T-714/22 agus T-715/22 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.
2. Diúltaítear do na caingne toisc iad a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.
3. Ordaítear do Nutmark, Lda (Zona Franca da Madeira) agus Piamark, Lda (Zona Franca da Madeira) na costais a íoc.
____________
1 IO C 24, 23.1.2023.