Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Deireadh Fómhair 2023 – AF v an Chomhairle

(Cás T-1047/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AF (ionadaí: A. Guillerme, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinntí údaráis ceapacháin Ardrúnaíocht na Comhairle an 16 Nollaig 2022 chun rabhadh a thabhairt don iarratasóir ar bhonn Airteagal 3(1)(b) d’Iarscríbhinn IX de Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh i ndiaidh imeachtaí araíonachta nach bhfuil an Bord Araíonachta luaite leo a tabhairt chun críche a chur ar neamhní;

cinneadh Ardrúnaíocht na Comhairle an 6 Feabhra 2023 ag diúltiú d’aisíocáíocht na gcostas dlí arna dtabhú ag an iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 21 d’Iarscríbhinn IX de Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh, a chur ar neamhní agus íocaíocht EUR 2,413.95 a ordú;

a ordú don chosantóir cúiteamh a íoc as an dochar ábhartha agus mórálta a ndearnadh don iarratasóir mar thoradh ar na cinntí atá faoi chonspóid;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí seo a leanas.

An chéad saincheist dlí, maidir le neamhdhleathacht an chinnidh an 16 Nollaig 2022 chun rabhadh a thabhairt don iarratasóir ar bhonn Airteagal 3(1)(b) d’Iarscríbhinn IX den Rialacháin Foirne, trí neamhrialtachtaí nós imeachta a mbíonn tionchar acu ar stiúradh an fhiosrúcháin riaracháin, a raibh tionchar acu ar dhlíthiúlacht an chinnidh deiridh atá faoi chonspóid, lena n-éilítear:

–    nach raibh dlínse ag Comhairleoirí Dlí an Riaracháin fiosrúchán riaracháin a dhéanamh i réimse na cosanta sonraí pearsanta ar bhonn Iarscríbhinn IX den Rialacháin Foirne. Is éard atá sa mhéid sin ná sárú ar Airteagal 7(3) don Chinneadh 6/2021 d’Ardrúnaíocht na Comhairle lena nglactar le forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le himscrúduithe riaracháin agus imeachtaí araíonachta (“Cinneadh 6/2021”);

–    nach ndearnadh an fiosrúchán riaracháin go neamhchlaonta, de shárú ar Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 13 den Chinneadh 6/2021;

–    nach ndearnadh an fiosrúchán riaracháin de réir phrionsabail an dea-riaracháin, de shárú ar chearta na cosanta agus dualgais scrúdú a dhéanamh ar fhíorais an cháis agus aird chuí a tabhairt ar na gnéithe inchoiritheacha agus dhíchoiritheacha.

Ar a fhiúntas, maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid an 16 Nollaig 2022 lena dtugtar rabhadh neamhdhleathach, mar go bhfuil sé:

–    bunaithe ar fíricí neamhbhunaithe;

neamhbhailí mar thoradh ar earráid fhollasach measúnaithe;

de shárú ar phrionsabal na comhréireachta;

de shárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

An dara saincheist dlí, maidir le neamhdhleathacht an chinnidh an 6 Feabhra 2023 ag diúltiú d’aisíocaíocht costais an dlíodóra arna dtabhú le haghaidh cosaint an iarratasóra le linn na n-imeachtaí araíonachta nach bhfuil an Bord Araíonachta luaite leo, lena n-éilítear:

–    go sáraíonn an Cinneadh Airteagal 21 Iarscríbhinn IX den Rialacháin Foirne faoina iompróidh an riarachán na costais agus nuair nach bhféidir pionós araíonachta a bheith mar thoradh ar imeachtaí araíonachta, mar is amhlaidh sa chás seo;

–    go sáraíodh prionsabail an dea-riaracháin agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe maidir leis an léirmhíniú arna tabhairt ar na Rialacháin Foirne, arb é atá iontu idirdhealú a dhéanamh ar chearta aisíochta costais dlíodóirí ag braith ar cé a baint bhíonn ag Bord Araíonachta nó nach mbíonn, agus sárú ar chearta na cosanta chun cabhair a tabhairt d’aon baill foirne ó dlíodóirí agus iad ag tabhairt aghaidh ar imeachtaí araíonachta.

An tríú saincheist dlí, maidir leis an éileamh ar chúiteamh airgeadais as an dochar ábhartha agus mórálta a fulaingíodh, lena n-éilítear go gcomhfhreagraíonn é seo, faoi seach, don tionchar diúltach ar ghairm beatha an iarratasóra, a bhí de thoradh ar chailliúint deise áirithe chun ardú céime a thabhairt di sa bhliain 2023 agus de thoradh ar an deis laghdaithe go mór chun ardú céime a thabhairt di sna blianta atá le teacht, agus maidir leis an dochair arna ndearnadh dá dínit agus cáil ghairmiúil mar thoradh ar an gcinneadh neamhdhleathach atá faoi chonspóid an 16 Nollaig 2022, arna cur isteach go mór ar a sláinteachas.

____________