Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Samhain 2023 – Delta-Sport Handelskontor v EUIPO – Decathlon (Masc tumadóireachta)

(Cás T-1061/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Delta Sport Handelskontor GmbH (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Boespflug, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Decathlon (Villeneuve d’Ascq, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail (Masc tumadóireachta) – Dearadh Comhphobail Uimh. 2 526 699-0001

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Lúnasa i gCás R 1731/2022-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh agus an dearadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

Easpa saincháilíochta an deartha Comhphobail atá faoi chonspóid de réir bhrí Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.

____________