Caingean arna tabhairt an 3 Samhain 2023 – Embassy Sporthandel v EUIPO – Zwibo (BULL’S THE DART SIDE OF LIFE)
(Cás T-1054/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Embassy Sporthandel GmbH (Münster, an Ghearmáin) (ionadaí: G. Vierkötter, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Zwibo BV (Naaldwijk, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “BULL’S THE DART SIDE OF LIFE” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 295 079
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Lúnasa 2023 i gCás 92/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus freasúra Uimh. B003135481 a dhiúltú;
mar mhalairt air sin, éisteacht ó bhéal a sceidealú;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí achomhairc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 47(5) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________