Language of document :

Caingean arna tabhairt an 31 Deireadh Fómhair 2023 – Grupo Bimbo v EUIPO (Cruth briosca mín agus cruinn)

(Cás T-1048/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Grupo Bimbo, SAB de CV (Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo) (ionadaí: N. Fernández Fernández-Pacheco, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc tríthoiseach an Aontais Eorpaigh (Cruth briosca mín agus cruinn) – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 739 817

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Meán Fómhair 2023 i gCás R 950/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus cinneadh eile a chur ina áit lena gceadófaí an t-iarratas ar an trádmharc atá faoi cheist do na hearraí ar fad dá lorgaítear cosaint leis an marc sin.

A ordú do EUIPO na costais agus na speansais arna dtabhú sna himeachtaí uile os comhair EUIPO agus os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________