Caingean arna tabhairt an 2 Samhain 2023 – Tecom Master v EUIPO – Michael Kors (Switzerland) International GmbH (MK MICHAEL MICHELE)
(Cás T-1053/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Tecom Master, SL (Alicante, an Spáinn) (ionadaí: T. Villate Consonni, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Michael Kors (Switzerland) International GmbH (Manno, an Eilvéis)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha MK MICHAEL MICHELE – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 227 004
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 4 Meán Fómhair 2023 i gCás R 1959/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh lena gcuirtear an marc atá faoi chonspóid ar ceal a chur ar neamhní agus é a athchlárú.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Toiliú don chlárú.
Níor léiríodh meon mímhacánta go leordhóthanach ar dhéanamh an iarratais ar an marc arna chealú.
Níl baol mearbhaill ann agus dá réir sin níl feidhm ag Airteagal 8(5) ná ag Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________