Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Ustavno sodišče Republike Slovenije (an tSlóivéin) an 13 Samhain 2023 – AEON NEPREMIČNINE agus páirtithe eile, STAN nepremičnine d.o.o. agus Državni svet Republike Slovenije v Državni zbor Republike Slovenije

(Cás C-674/23, AEON NEPREMIČNINE agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

An chúirt a rinne an tarchur

Ustavno sodišče Republike Slovenije

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: AEON NEPREMIČNINE, d.o.o. Agus páirtithe eile, STAN nepremičnine d.o.o. agus Državni svet Republike Slovenije

Páirtí eile sna himeachtaí: Državni zbor Republike Slovenije

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagail 7, 16 agus 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 15 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, 1 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach faoina bhfuil an táille uasta is incheadaithe do bhróicéireacht réadmhaoine nach mó ná 4 % de phraghas an chonartha, i gcomhthéacs cheannach nó díol na réadmhaoine céanna, i gcás ina ndéantar bróicéireacht i gcomhthéacs foirgneamh aon-teaghlaigh, árasán nó aonad cónaithe a cheannach nó a dhíol le duine nádúrtha amhail an ceannaitheoir i gceist?

2)    An bhfuil Airteagail 7, 16 agus 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 15 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach faoina bhfuil an táille uasta is incheadaithe do bhróicéireacht nach mó ná 4 % den mhéid a thig as méid an chíosa mhíosúil a iolrú ar an líon míonna a gcuirfear an réadmhaoin ar fáil ina leith, agus in aon chás nach féidir dul thar suim is comhionann le méid a cíos míosúil aonair, i gcás bróicéireacht atá i gceist i gcomhthéacs foirgneamh aon-teaghlaigh, árasán nó aonad cónaithe a ligean ar cíos le duine nádúrtha mar thionónta?

____________

1 IO 2006 L 376, lch. 36.