Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Gabrovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 31 Márta 2022– IL v Regionalna direktsia “Avtomobilna administratsia” Pleven
(Cás C-227/22)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad Gabrovo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: IL
Freagróir ar an achomharc: Regionalna direktsia „Avtomobilna administratsia“ Pleven
An cheist a tharchuirtear
An dtugtar leis na forálacha i dTreoir 2006/126 1 an deis do Bhallstáit a iarraidh ar thiománaithe feithiclí de na haicmí С, CE, C1, C1E, D, DE, D1, D1E go dtabharfadh siad, ag eatraimh níos giorra ná tréimhse bailíochta an cheadúnais tiomána, faoi scrúdú liachta chun a n-infheidhmeacht síceolaíochta agus mheabhrach a chinneadh agus, sa chomhthéacs sin, doiciméad eile (nach é an ceadúnas tiomána) lena ndeimhnítear a n-infheidhmeacht a iarraidh? Nó an deimhnítear le seilbh ceadúnas tiomána bailí i leith na n-aicmí sin infheidhmeacht síceolaíochta agus mheabhrach an tiománaí chomh maith toisc gur cinneadh an infheidhmeacht sin agus an ceadúnas tiomána á eisiúint den chéad uair nó á athnuachan?
____________
1 Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO 2006 L 403, lch. 18).