Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 27 Samhain 2023 – Bundesminister für Soziales, Gesundheit, Pflege und Konsumentenschutz
(Cás C-717/23, Bundesminister für Gesundheit)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtí sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Bundesminister für Soziales, Gesundheit, Pflege und Konsumentenschutz
Údarás is freagróir: Bezirkshauptmannschaft Grieskirchen
Páirtí leasmhar: M
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 23(2), arna léamh i gcomhar le pointe 40 d’Airteagal 2 agus Airtegal 13(1)(c) de Threoir 2014/40/AE 1 le léiriú sa chaoi go gcuimsíonn an toirmeasc ar tháirge tobac a chur ar an margadh i bpacáiste aonaid a bhfuil gnéithe nó tréithe aige a bhaineann le blas an cás ina soláthraíonn mórdhíoltóir táirge tobac d’asraon miondíola freisin nó nach gcuimsíonn sé ach an cás ina ndíolann asraon miondíola táirge tobac le tomhaltóir?
____________
1 Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, láithriú agus díol tobac agus táirgí eile lena mbaineann agus lena leasaítear Treoir 2001/37/CE (IO 2014 L 127, lch. 1).