Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Piaggio & C. v EUIPO – Zhejiang Zhongneng Industry Group (Cruth scútair)

(Cás T-19/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh – Cruth scútair – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001 anois) – Curtha chun sainiúlachta ag úsáid a bhaint as – Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001 anois))

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Piaggio & C. SpA (Pontedera, an Iodáil) (ionadaithe: F. Jacobacci agus B. La Tella, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Capostagno, D. Gája agus J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Zhejiang Zhongneng Industry Group Co. Ltd (Taizhou, an tSín) (ionadaithe: M. Spolidoro, M. Gurrado, L. Mendola agus M. Balestriero, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 25 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 359/2021-5).

An chuid oibríochtúil

Cuirtear ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 359/2021-5);

Ordaítear do EUIPO agus do Zhejiang Zhongneng Industry Group Co. Ltd a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag Piaggio & C. SpA a íoc.

____________

1 IO C 95, 28.2.2022.