Iarraidh ar réamhrialú ó Krajský soud v Brně (Poblacht na Seice) a taisceadh an 29 Feabhra 2024 - OSA - Ochranný svaz autorský pro práva k dílům hudebním, z.s. v Úřad pro ochranu hospodářské soutěže
(Cás C-161/24, OSA)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Krajský soud v Brně
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: OSA – Ochranný svaz autorský pro práva k dílům hudebním, z.s.
Cosantóir: Úřad pro ochranu hospodářské soutěže
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhféadfaí léiriú a dhéanamh ar Airteagal 102(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sa chaoi gur mí-úsáid ceannasachta de réir bhrí an Airteagail sin atá i gcleachtas cumainn bailithe dleachtanna a bhfuil monaplacht de facto aige i mBallstát ar dá réir a ghearrann sé praghsanna ar oibreoirí saoráidí lóistín as ceadúnas a sholáthar chun saothair atá faoi chóipcheart a chur ar fáil trí ghlacadóirí teilifíse agus raidió atá lonnaithe i seomraí a bheartaítear chun lóistín a thabhairt d’aíonna, gan beann ar áitíocht iarbhír na seomraí ar leith?
Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, cé acu cur i bhfeidhm (a) dálaí mí-chóra trádála nó (b) praghsanna iomarcacha a bhfuil measúnú le déanamh ar a leithéid de chleachtas dá réir?
– Más cur i bhfeidhm dálaí mí-chóra trádála atá ceart, cad í an tástáil shonrach atá le cur i bhfeidhm le measúnú a dhéanamh air?
– Más cur i bhfeidhm praghsanna iomarcacha atá ceart, cad í an tástáil shonrach atá le cur i bhfeidhm – gnáththástáil ‘United Brands’ nó leagan modhnaithe áirithe de?
Agus sárú á chruthú ar Airteagal 102(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an gcleachtas dá dtagraítear sa chéad cheist, an gá droch-éifeachtaí iarbhíre nó féideartha ar iomaíocht a chruthú (lena n-áirítear éifeachtaí ar leas na dtomhaltóirí agus éifeachtaí dúshaothraithe chleachtas an ghnóthais cheannasaigh)?
Agus sárú á chruthú ar Airteagal 102(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an gcleachtas dá dtagraítear sa chéad cheist, an gá a chruthú go bhfuil éifeacht shuntasach ag an gcleachtas ar thrádáil idir Ballstáit, nó an leor go bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil lena leithéid d’éifeacht a bheith ann gan gá le scrúdú a dhéanamh ar a méid iarbhíre?
____________