Iarraidh ar réamhrialú ó Svea hovrätt, Mark- och miljööverdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 22 Márta 2024 – Naturvårdsverket v IC
(Cás C-222/24, Naturvårdsverket)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Svea hovrätt, Mark- och miljööverdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Naturvårdsverket
Cosantóir: IC
Na ceisteanna a tharchuirtear
An áirítear le glacadh ar ais faoi Airteagal 24(2)(c) den Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola 1 ceanglas nó féidearthacht don údarás seolta an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt tar éis í a ghlacadh ar ais, i gcás ina bhfuil fógra agus doiciméad gluaiseachta tarraingthe suas don seoladh ar ais, lena sonraítear an chaoi a gcóireáiltear an dramhaíl sa tír cinn scríbe?
Cad iad na himthosca ar féidir leis an údarás seolta Airteagal 24(2)(d) a chur i bhfeidhm chun an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt i loingsiú neamhdhleathach dramhaíola sa tír seolta? Conas a bhaineann pointe (d) le pointe (c), mar shampla ar féidir éifeacht a bheith ar ghlacadh ar ais agus aisghabháil/diúscairt de bhun pointí (c) agus (d) le chéile nó an gceanglaítear le pointe amháin a chur i bhfeidhm go raibh an nós imeachta faoin pointe díreach roimhe dodhéanta?
Más féidir Airteagal 24(2) den Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola a léiriú sa chaoi, i ndiaidh glacadh ar ais, go bhfuil cumhacht deiridh diúscartha ag an údarás seolta faoin dramhaíl, fiú in áit ar mian le seoltóir bunaidh an dramhaíl a fháil ar ais, an bhfuil léiriú den sórt sin ag luí le cosaint maoine faoi Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 1 den Phrótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO 2006 L 190, lch. 1).