Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Bheilg) an 11 Márta 2022 – ME v État belge
(Cás C-191/22)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d'État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ME
Cosantóir: État belge
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 7 agus 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus [Airteagal 4(1)(c)] de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh1 , agus prionsabail na córa comhionainne agus na deimhneachta dlíthiúla, a léirmhíniú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit aois an duine atá á athaontú a chur san áireamh, ní nuair a taisceadh an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh, ach nuair a taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta den urraitheoir a aithníodh mar dhídeanaí, agus a mheas gur mionaoiseach é an duine atá á athaontú de réir bhrí Airteagal 4[(1)(c)] de Threoir 2003/86/CE dá mba rud é go raibh an duine atá á athaontú mionaoiseach nuair a thaisc an t-urraitheoir a iarratas ar thearmann ach gur shroich sé lán-aois roimh don urraitheoir stádas dídeanaí a bhaint amach agus sular taisceadh an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh?
____________
1 IO 2003 L 251, lch. 12.