Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Supreme Court (An Chúirt Uachtarach  ̶  Éire) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – an tAire Dlí agus Cirt v SH

(Cás C-798/23, Abbottly 1 )

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Chúirt Uachtarach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: an tAire Dlí agus Cirt

Cosantóir: SH    

Na ceisteanna a tharchuirtear:

I gcás ina n-iarrtar tabhairt suas an duine iarrtha chun pianbhreith choimeádta a fhorchuirtear ar an duine sin a chur isteach mar thoradh ar théarmaí pianbhreithe lena gcuirtear na póilíní i mbun maoirseachta air a forchuireadh air roimhe sin a shárú, in imthosca ina raibh sé de rogha ag an gcúirt a d’fhorchuir an phianbhreith choimeádta sin pianbhreith choimeádta a fhorchur (cé nach bhfuil aon rogha aici maidir le fad na pianbhreithe má fhorchuirtear í), an bhfuil na himeachtaí as a dtagann forchur na pianbhreithe coimeádta sin ina gcuid den ‘triail a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi’ chun críocha Airteagal 4a(l) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle 1 ?

An raibh an cinneadh pianbhreith lena gcuirtear na póilíní i mbun maoirseachta ar an duine a thiontú ina pianbhreith choimeádta sna himthosca a leagtar amach in (1) thuas, ina chinneadh a raibh sé de chuspóir nó d’éifeacht aige cineál agus/nó quantum na pianbhreithe a forchuireadh roimhe sin ar an duine iarrtha a mhodhnú agus, go háirithe, cineál agus/nó quantum na pianbhreithe lena gcuirtear na póilíní i mbun maoirseachta ar an duine a bhí mar chuid dá phianbhreith roimhe sin, ar chaoi go mbaineann sé leis an eisceacht dá dtagraítear i mír 77 d’Ardic 1 ?

____________

1 Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1 Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit – Ráitis arna ndéanamh ag Ballstáit áirithe maidir le glacadh an Chinnidh Réime (IO 2002, L 190, lch. 1).

1 Cás C-571/17 PPU, Samet Ardic, Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2017, EU:C:2017:1026.