Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Nollaig 2023 – Alessio agus páirtithe eile v BCE

(Cás T-1192/23)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Roberto Alessio (Turin, an Iodáil) agus 77 n-iarratasóir eile (ionadaithe: F. Ferraro agus A. Califano, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

dliteanas neamhchonarthach BCE a dhearbhú agus a ordú dó cúiteamh a íoc as an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a eascraíonn as an gcinneadh Banca Carige a chur faoi riarachán Cinneadh an BCE Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach (Cinneadh BCE-SSM-2019-ITCAR-11 an 1 Eanáir 2019), na cinntí chun síneadh ama a chur  (cinneadh lena gcuirtear síneadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2019 le fad an riaracháin shealadaigh BCE-SSM-2019-ITCAR-13) an 29 Márta 2019; cinneadh lena gcuirtear síneadh go dtí an 31 Nollaig 2019 le fad an riaracháin shealadaigh BCE, an 29 Meán Fómhair 2019; cinneadh lena gcuirtear síneadh go dtí an 31 Eanáir 2020 le fad an riaracháin shealadaigh BCE, an 19 Nollaig 2019), diúltú rochtain a thabhairt ar Chinntí BCE an 1 Eanáir 2019 agus an 29 Márta 2019 (LS/LDG/19/182 ó BCE an 29 Bealtaine 2019) agus feidhmiú a fheidhmeanna maoirseachta ar Banca Carige le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 6 Nollaig 2023.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí ar 11 saincheist dlí:

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE sárú tromchúiseach agus follasach ar phrionsabal nemo auditur propriam turpitudinem allegans, chomh maith leis an dícheall cuí  agus an dea-riaracháin trí chuidiú le sócmhainní Banca Carige a lagú sa tréimhse sular cuireadh faoi bhráid an chórais riaracháin shealadaigh é.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE sárú tromchúiseach follasach ar Airteagail 27 go 29 de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 69 octiesdecies agus Airteagal 70 d’Acht Baincéireachta na hIodáile (T.U.B.), chomh maith le prionsabal na comhréireachta, trí Banca Carige a chur go neamhdhleathach faoi réir an chórais riaracháin shealadaigh, mar chinn Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ina breithiúnas an 11 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-502/19 Corneli v BCE. Ina theannta sin, rinne BCE sárú tromchúiseach follasach ar Airteagal 72 T.U.B., rud a chuir cosc ar na scairshealbhóirí iarratasóirí caingean dliteanais a thionscnamh trí dhaoine a raibh baint acu le riarachán Banca Carige a cheapadh mar choimisinéirí sealadacha díreach roimh an gcóras riaracháin shealadaigh.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh BCE ionchais dhlisteanacha na n-iarratasóirí ar bhealach atá tromchúiseach go leor, ar dtús trína thabhairt le fios go soiléir agus go sainráite nach raibh aon phráinn ann idirghabháil a dhéanamh chun Banca Carige a atheagrú, agus ansin an Banc a chur sa ghearrthéarma faoi riarachán sealadach. Ag an am céanna, sháraigh BCE prionsabal an chomhair dhílis le daoine aonair agus cuspóirí an Aontais Eorpaigh á saothrú aige.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE sárú follasach agus tromchúiseach ar Airteagal 63 CFAE agus ar phrionsabal na córa comhionainne, sa mhéid go ndearna Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach agus an méadú caipitil a tháinig as sin gan rogha a bheith ann do na scairshealbhóirí iarratasóirí iad a eisiamh go treallach ón bhféidearthacht tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa Bhanc agus páirt a ghlacadh ina athstruchtúrú, contrártha leis an méid a tharla i ndáil le hoibríochtaí atheagrúcháin roimhe seo institiúidí creidmheasa eile.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE sárú tromchúiseach follasach ar an dara mír d’Airteagal 1 CAE, ar Airteagal 15(1) CFAE agus ar Airteagal 4 de Chinneadh 2004/258/CE1 maidir le rochtain ar dhoiciméid na n-institiúidí trí dhiúltú neamhdhleathach a dhéanamh do na hiarrataí ar rochtain ar a chinneadh an 1 Eanáir 2019 Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach, mar a tugadh faoi deara i mbreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 29 Meitheamh 2022 i gCás T-501/19 Corneli v BCE.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE sárú follasach agus tromchúiseach ar aithris 40 agus ar Airteagal 29(5) agus (8) de Threoir 2014/59/AE1 agus Airteagail 56 agus 61 T.U.B. gan idirghabháil a dhéanamh ar chinneadh neamhdhleathach na gcoimisinéirí urghnácha na scairshealbhóirí iarrtasóirí a eisiamh ón méadú caipitil atá beartaithe faoi riarachán sealadach; mainneachtain seiceáil a dhéanamh ar neamhrialtacht na dtoscaireachtaí chun vótáil ar an méadú caipitil; mainneachtain maidir le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht rannpháirtíocht an CCB sa mhéadú caipitil.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir BCE an cinneadh neamhdhleathach Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach i bhfeidhm, toisc gur cheadaigh sé do na coimisinéirí nua a cheap sé gníomhartha a ghlacadh gan bunús dlí, agus nach ndearna sé na bearta is gá chun an breithiúnas lenar dearbhaíodh an gníomh a bheith ar neamhní a chomhlíonadh.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE sárú follasach agus tromchúiseach ar cheart na n-iarratasóirí chun maoine (Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE sárú follasach agus tromchúiseach ar an gceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).

An deichiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE sárú follasach agus tromchúiseach ar an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid na n-institiúidí (Airteagal 15 CFAE agus Airteagal 42 den Chairt) agus ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil (Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha).

An t-aonú saincheist déag dlí, lena n-éilítear i gcás diúltach nach bhfuil iompar BCE neamhdhleathach, go bhfuil sé á lorg, mar mhalairt air sin, i leith dliteanais as gníomh dleathach ó thaobh Údarás Maoirseachta an Aontais de.

____________

1 Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Márta 2004 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2004/3) (IO 2004 L 80, lch. 42).

1 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2012/30/AE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).