Language of document :

Iarraidh ar réamharialú ón Sąd Okręgowy w Krakowie (an Pholainn) a taisceadh an 30 Eanáir 2024 – Alior Bank S.A. v J.D.

(Cás C-71/24, Alior Bank)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Krakowie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Alior Bank S.A.

Cosantóir: J.D.

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir le hAirteagal 10(2)(f), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(j) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle, 1 i gcomhthéacs an phrionsabail maidir le héifeachtacht dhlí an Aontais agus chuspóir na Treorach sin agus i bhfianaise Airteagal 3(1) agus (2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra, 2 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar an gcleachtas faoina gcuirtear a leithéid d’fhorálacha i gconarthaí creidmheasa tomhaltóirí nach í is ábhar dóibh toradh comhaontaithe aonair idir an trádálaí (an creidiúnaí) agus an tomhaltóir (an t-iasachtaí) faoina bhforáiltear do rátaí úis a ghearradh ní amháin ar mhéid an chreidmheasa arna eisíoc leis an tomhaltóir ach ar chostais neamh-úis an chreidmheasa (i.e. na coimisiúin nó táillí eile nach cuid iad de mhéid an chreidmheasa arna eisíoc leis an tomhaltóir, ach atá ina gcuid den mhéid le híoc ag an tomhaltóir i gcomhlíonadh a oibleagáide faoin gconradh creidmheasa tomhaltóirí)?

Maidir le hAirteagal 10(2)(f) agus (g) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhthéacs an phrionsabail maidir le héifeachtacht dhlí an Aontais agus chuspóir na Treorach sin agus i bhfianaise Airteagal 5 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar an gcleachtas faoina gcuirtear a leithéid d’fhorálacha i gconarthaí creidmheasa tomhaltóirí nach í is ábhar dóibh toradh comhaontaithe aonair idir an trádálaí (an creidiúnaí) agus an tomhaltóir (an t-iasachtaí), nach nochtar fúthu ach an ráta iasachta agus méid iomlán an úis chaipitlithe atá le híoc ag an tomhaltóir agus a oibleagáid faoin conradh á comhlíonadh aige, gan cur in iúl don tomhaltóir go sainráite go ríomhtar an t-ús caipitlithe (arna shloinneadh mar mhéid) de réir a mhalairte de mhéid ná méid an chreidmheasa arna eisíoc leis an tomhaltóir agus, go háirithe, mhéid an chreidmheasa arna eisíoc leis an tomhaltóra le haghaidh na costais neamh-úis (i.e. na coimisiúin nó táillí eile nach cuid iad de mhéid an chreidmheasa arna eisíoc leis an tomhaltóir, ach atá ina gcuid den mhéid le híoc ag an tomhaltóir i gcomhlíonadh a oibleagáide faoin gconradh creidmheasa tomhaltóirí)?

____________

1 IO 2008 L 133, lch. 66.

1 IO 1993, L 95, lch. 29.