Achomharc arna thabhairt an 14 Nollaig 2023 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 27 Meán Fómhair 2023 i gCás T-826/14, an Spáinn v an Coimisiún
(Cás C-776/23 P)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky, C. Urraca Caviedes agus P. Němečková, Gníomhairí)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Ríocht na Spáinne
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
an breithiúnas faoi achomharc a tugadh an 27 Meán Fómhair 2023 i gCás T-826/14, an Spáinn v an Coimisiún (T-826/14, EU:T:2023:582) a chur ar neamhní;
na caingne le haghaidh neamhniú i gCás T-826/14 (Ríocht na Spáinne v an Coimisiún) a dhíbhe;
a ordú do na cosantóirí ag an gcéad chéim a gcostais féin agus costais an Choimisiúin Eorpaigh ag an gcéad chéim agus san achomharc seo araon a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Ardaíonn an t-achomharcóir dhá fhoras achomhairc agus maíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta na hearráidí dlí seo a leanas:
Earráid dlí maidir le raon feidhme na gcinntí tosaigh, gan an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát a chur san áireamh (an chéad fhoras achomhairc), agus
Earráid dlí maidir le fiúntas cleachtais riaracháin cheangailtigh, le rialú nach bhféadfaí cur le raon feidhme scéim cúnaimh (an dara foras achomhairc).
____________