Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) an 7 Márta 2024 – Coyote System v Ministre de l’Intérieur et des outre-mer, Premier ministre

(Cás C-190/24, Coyote System)

Teanga an cháis: an Fhraincís

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d’État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Coyote System

Cosantóir: Ministre de l’Intérieur et des outre-mer, Premier ministre

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gá an toirmeasc ar oibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh ó athchraoladh trí bhíthin na seirbhíse sin aon teachtaireacht nó tásc arna sheoladh ag úsáideoirí agus a d’fhéadfadh a chur ar chumas úsáideoirí eile seiceálacha cois bóthair áirithe a sheachaint a mheas mar chuid den ‘réimse comhardaithe’ dá bhforáiltear le Treoir 2000/31/CE 1 , ar toirmeasc é, cé go mbaineann sé le feidhmiú ghníomhaíocht seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise, sa mhéid go mbaineann sé le hiompar an tsoláthraí seirbhíse, le cáilíocht nó le hábhar na seirbhíse, nach mbaineann, áfach, le bunú soláthraithe seirbhíse, ná le cumarsáidí tráchtála, ná le conarthaí trí mheán leictreonach, ná le dliteanas idirghabhálaithe, ná le cóid iompair, ná le réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ná le leigheasanna breithiúnacha agus le comhar idir na Ballstáit, agus dá bhrí sin nach mbaineann le haon cheann de na hábhair a rialaítear leis na forálacha um chomhchuibhiú de Chaibidil II?

An dtagann toirmeasc ar athchraoladh a bhfuil sé d’aidhm aige go háirithe cosc ​​a chur ar dhaoine iarrtha do choireanna nó cionta, nó ar bagairt iad don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, ó seiceálacha cois bóthair a sheachaint faoi raon feidhme a bhaineann le feidhmiú ghníomhaíocht seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise nach bhféadfadh Ballstát a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse ó Bhallstát eile cé go sonraítear in aithris 26 den Treoir nach mbaintear léi an ceart ag Ballstáit a rialacha náisiúnta um dhlí coiriúil agus nós imeachta coiriúil a chur i bhfeidhm chun gach beart imscrúdaithe agus na cinn eile is gá a dhéanamh chun cionta in ábhair choiriúla a bhrath agus a ionchúiseamh?

An bhfuil Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE, lena dtoirmisctear oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse in ábhair mhonatóireachta, seachas na hoibleagáidí is infheidhme i gcás sonrach, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm forála nach bhforáiltear léi ach go bhféadfar a cheangal ar oibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh gan catagóirí áirithe teachtaireachtaí nó tásc a athchraoladh ó am go chéile, mar chuid den tseirbhís sin, gan an t-oibreoir a bheith ar an eolas faoina bhfuil iontu?

____________

1     Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1).