Language of document :

Caingean arna tabhairt an 15 Bealtaine 2023 — Escobar v EUIPO (Pablo Escobar)

(Cás T-255/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Escobar Inc. (Guaynabo, Pórtó Ríce, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: D. Slopek, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Pablo Escobar” — Iarratas ar chlárú Uimh. 18 568 583

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Feabhra 2023 i gCás R 1364/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(f) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar thoimhde na neamhchiontachta.

____________