Language of document : ECLI:EU:C:2024:281

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

9 Aibreán 2024 (*)

(Caingean le haghaidh neamhniú – Cinneadh (AE) 2021/1117 – Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) – Síniú thar ceann an Aontais Eorpaigh – Institiúid atá inniúil chun an duine a ainmniú a bhfuil údarás sínithe aige – Airteagal 13(2) CAE – Teorainneacha na gcúraimí arna gcur orthu a chomhlíonadh ag gach institiúid – Comhar dílis idir institiúidí an Aontais Eorpaigh – Airteagal 16(1) agus (6) CAE – Cumhacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh beartais a shainiú agus gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhúnlú – Airteagal 17(1) CAE – Cumhacht an Choimisiúin Eorpaigh ionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú – Airteagal 218 CFAE)

I gCás C-551/21,

CAINGEAN le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, a tionscnaíodh an 7 Meán Fómhair 2021,

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ar dtús ag A. Bouquet, B. Hofstötter, T. Ramopoulos agus A. Stobiecka-Kuik agus ansin ag A. Bouquet, M. Bruti Liberati, B. Hofstötter agus A. Stobiecka-Kuik, i gcáil Gníomhairí,

iarratasóir,

le tacaíocht ó:

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, arna ionadú ag L. Havas, F. Hoffmeister agus S. Marquardt, i gcáil Gníomhairí,

idiragraí,

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag A. Antoniadis, B. Driessen agus F. Naert, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

le tacaíocht ó:

Poblacht na Seice, arna hionadú ar dtús ag K. Najmanová, M. Smolek, O. Šváb agus J. Vláčil agus ansin ag K. Najmanová, H. Pešková, M. Smolek, O. Šváb agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Fraince, arna hionadú ar dtús ag J.-L. Carré, A.-L. Desjonquères agus B. Herbaut agus ansin ag A.-L. Desjonquères, B. Herbaut agus B. Travard, i gcáil Gníomhairí,

An Ungáir, arna hionadú ag M. Z. Fehér agus K. Szíjjártó, i gcáil Gníomhairí,

Ríocht na hÍsiltíre, arna hionadú ag M. K. Bulterman agus J. Langer agus ansin ag M. K. Bulterman, J. M. Hoogveld agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Portaingéile, arna hionadú ar dtús ag P. Barros da Costa, A. Pimenta agus J. Ramos, i gcáil Gníomhairí,

idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos (Rapóirtéir), N. Piçarra agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, P. G. Xuereb, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: M. Longar, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 8 Márta 2023,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag an éisteacht ar an 13 Iúil 2023,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Lena iarratas, iarrann an Coimisiún Eorpach Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1117 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) a neamhniú (IO 2021 L 242, lch. 3), mar aon le hainmniú Bhuanionadaí na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh, trína hUachtarán, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh mar an duine atá údaraithe an Prótacal sin a shíniú.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí idirnáisiúnta

2        Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí an 23 Bealtaine 1969 (United Nations Treaties Series, Iml. 1155, lch. 331, ‘Coinbhinsiún Vín’):

‘Chun críocha an Choinbhinsiúin seo:

[…]

(c)       ciallaíonn “lánchumhachtaí” doiciméad ó údarás inniúil Stáit lena n-ainmnítear duine amháin nó níos mó chun ionadaíocht a dhéanamh don Stát agus téacs conartha á chaibidliú, á ghlacadh nó á fhíordheimhniú le cur in iúl gur mian leis an Stát a bheith faoi cheangal an chonartha nó chun aon bheart eile a dhéanamh i ndáil leis an gconradh;

[…]’

3        De réir Airteagal 7(1) den Choinbhinsiún sin:

‘Measfar gur ionadaí Stáit é duine chun críche téacs conartha a ghlacadh nó a fhíordheimhniú nó chun críche toiliú an Stáit lena bheith faoi cheangal ag conradh a chur in iúl:

(a)       má thugann sé lánchumhachtaí iomchuí ar aird; [...]

[…]’

4        Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 18 den Choinbhinsiún sin:

‘Dlífear ar Stát staonadh ó bhearta lena gcuirfí conradh ón gcuspóir nó ón aidhm leis:

(a)       I gcás inar shínigh sé an conradh nó inar mhalartaigh sé na hionstraimí atá i gceist leis an gconradh de réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormhuinithe, fad nár chuir sé in iúl nach mian leis a bheith páirteach sa chonradh; nó

(b)       I gcás inar chuir sé in iúl gur mian leis a bheith faoi cheangal ag an gconradh, le linn na tréimhse sular tháinig an conradh i bhfeidhm agus ar choinníoll nach bhfuil moill rómhór air.’

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 CAE

5        De réir Airteagal 13(2) CAE:

Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.’

6        Tá Airteagal 16 CAE sna focail seo a leanas:

‘1.      Feidhmeoidh an Chomhairle, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha. Feidhmeoidh sí feidhmeanna sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha faoi mar a leagtar síos sna Conarthaí.

[…]

6.      Tiocfaidh an Chomhairle le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla, [...]

Áiritheoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta comhchuibheas imeachtaí na bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle. […]

Cumfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áiritheoidh sí comhchuibheas ghníomhaíocht an Aontais.

7.      Beidh Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát freagrach as imeachtaí na Comhairle a ullmhú.

[…]

9.      Amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, déanfaidh ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle Uachtaránacht na bhfoirmíochtaí den Chomhairle a shealbhú ar bhonn uainíocht chomhionann, [...].’

7        Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 17(1) CAE:

‘Déanfaidh an Coimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige sin. Áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm na Conarthaí agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun na gConarthaí. Maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh sé an buiséad a chur chun feidhme agus déanfaidh sé cláir a bhainistiú. Feidhmeoidh sé feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus amach ó chásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, áiritheoidh sé ionadaíocht sheachtrach an Aontais. Glacfaidh sé tionscnaimh a bhaineann le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais d'fhonn teacht ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha.’

8        Leagtar an méid seo a leanas amach le hAirteagal 27(2) CAE:

‘Feidhmeoidh [Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála] ar son an Aontais maidir leis na hábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. […]’

 CFAE

9        Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 218 CFAE:

‘1.       Gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha síos in Airteagal 207, déanfar comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta anseo thíos.

2.       Údaróidh an Chomhairle an chaibidlíocht a thosú, glacfaidh sí na treoracha caibidlíochta, údaróidh sí síniú comhaontuithe agus tabharfaidh sí na comhaontuithe i gcrích.

3.       Déanfaidh an Coimisiún, nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nuair a bhainfidh an comhaontú arna bheartú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, moltaí a thíolacadh don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar an chaibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar, i bhfianaise ábhar an chomhaontaithe arna bheartú, idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais.

4.       Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú nach foláir an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis.

5.       Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm.

6.       Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích.

[…]’

 Cúlra na díospóide

10      An 22 Deireadh Fómhair 2015, ar thogra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údaraítear don Choimisiún an chaibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, le Poblacht na Gabúine ar mhaithe le hathnuachan a dhéanamh ar an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gabúine.

11      I ndiaidh na caibidlíochta sin a dhéanamh, an 10 Feabhra 2021, shínigh na hidirbheartaithe an Prótacal nua maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe sin (‘an Prótacal’).

12      An 19 Bealtaine 2021, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus le cur i bhfeidhm sealadach sa Phrótacal ar chur chun feidhme (2021-2026) an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach [COM(2021) 246 final].

13      Seo a leanas na focail ina raibh Airteagal 2 den chinneadh, mar a mhol an Coimisiún:

‘Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí lena n‑údarófar don duine arna shonrú ag an gCoimisiún an Prótacal sin a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích.’

14      An 28 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/1117. Tá ceithre Airteagal sa chinneadh sin agus iad sna focail seo a leanas:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) [...], faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail sin.

Airteagal 2

Leis seo, údarófar d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.’

15      An 28 Meitheamh 2021, d’ainmnigh Uachtarán na Comhairle Buanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh mar an duine atá údaraithe an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais. Poblacht na Portaingéile a bhí i mbun uachtaránacht uainíochta na Comhairle san am.

16      An 29 Meitheamh 2021, shínigh an Buanionadaí sin an Prótacal thar ceann an Aontais.

17      An 30 Meitheamh 2021, cuireadh an Coimisiún ar an eolas, le Doiciméad ST 10307/21 ó Lucht Ardrúnaíocht na Comhairle (‘Doiciméad ST 10307/21’) gur síníodh é agus go raibh an Prótacal á chur i bhfeidhm go sealadach ón 29 Meitheamh 2021 ar aghaidh.

 An t-ordú atá á lorg ag na páirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

18      Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–      go gcuirfí ar neamhní Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117;

–      go gcuirfí ar neamhní ainmniú Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh mar an duine atá údaraithe an Prótacal a shíniú, trína hUachtarán, agus

–      go n-ordófaí don Chomhairle na costais a íoc.

19      Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–      go ndiúltófaí don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha;

–      mar mhalairt air sin, go ndiúltófaí don chaingean toisc í a bheith gan bhunús;

–      a ordú don Choimisiún na costais a íoc, agus

–      mar mhalairt eile air sin, dá gceadódh an Chúirt Bhreithiúnais na caingne le haghaidh neamhniú, a dhearbhú, faoin dara mír d’Airteagal 264 CFAE, nach mór a mheas go bhfuil éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid agus an údaraithe atá faoi chonspóid cinntitheach.

20      Le hordú an 26 Eanáir 2022, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht na Portaingéile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle.

21      Le hordú an 3 Márta 2022, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún.

22      Ag an deireadh ar fad, is fíor, mar a áitíonn an Coimisiún, bíodh béim á cur air nach saincheist dlí ar son a chaingne an méid seo, go ndearna an Chomhairle earráid dlí le hAirteagal 43 CFAE a thabhairt mar bhunús le Cinneadh 2021/1117 gan soiléiriú sa bhreis a thabhairt. De réir an Choimisiúin, bhí sé le tabhairt le fios ag an gComhairle gurb é Airteagal 43(2) CFAE is bunús dlí leis an gcinneadh sin, ionas gur sonraithe mar is léir an nós imeachta formhuinithe is infheidhme. Dá ainneoin sin, ós rud é gur iarr an Chomhairle go bhformhuineodh Parlaimint na hEorpa é chun an Prótacal a thabhairt i gcrích, ní raibh aon iarmhairt dlí ag an earráid arna déanamh. Sna himthosca sin, fágann an Coimisiún go bhfuil sé de chúram ar an gCúirt measúnú a dhéanamh rialú obiter dictum a thabhairt nó gan a thabhairt ar an earráid sin.

 An chaingean

 Inghlacthacht

 Argóintí na bpáirtithe

23      Áitíonn an Chomhairle go bhfuil an chaingean do-ghlactha.

24      Ar dtús, ó thaobh an ordaithe atá á lorg go gcuirfí Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 ar neamhní, tugann an Chomhairle chun cuimhne, le tacaíocht ó Rialtais na hUngáire, na hÍsiltíre agus na Portaingéile, nach féidir gníomh de chuid an Aontais a neamhniú go páirteach ach amháin ar choinníoll gurb inscartha ón gcuid eile den ghníomh an chuid a iarrtar go gcuirfí í ar neamhní. Ní chomhlíontar an ceanglas sin i gcás inar féidir leis an neamhniú páirteach a iarrtar substaint an ghnímh sin a athrú, rud atá le cinneadh go hoibiachtúil.

25      De réir na hinstitiúide sin agus na rialtas sin, níl Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 inscartha ón gcuid eile den Chinneadh sin gan a shubstaint a athrú. Ós rud é gur gá foráil a bheith in aon chinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear comhaontú idirnáisiúnta a shíniú lena leagtar amach an bealach a n-ainmneofar an sínitheoir, chruthófaí folús dlíthiúil lena leithéid d’fhoráil gan bheith ann, de dheasca gan ach Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 a chur ar neamhní, lena dtiocfaí salach ar aidhm agus cuspóir an chinnidh sin, arb é atá iontu ná an Prótacal a chur i bhfeidhm agus a shíniú go sealadach.

26      Anuas air sin, ó thaobh an ordaithe atá á lorg go gcuirfí ainmniúchán Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh mar an duine atá údaraithe an Prótacal a shíniú, ag an gComhairle ar neamhní, trína hUachtarán, áitíonn an Chomhairle, le tacaíocht ó Rialtas na hUngáire, nach bhfuil an cuspóir leis an gcuntar éilimh inaitheanta ag ábhar an iarratais, mar atá de shárú ar an gceanglas maidir le soiléireacht agus beachtas faoi Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 120(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Go deimhin, níor luaigh an Coimisiún na lánchumhachtaí arna dtabhairt ag Uachtarán na Comhairle do Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh chun an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh an 28 Meitheamh 2021. Ós faisnéiseach amháin é Doiciméad ST 10307/21, dá dtagraíonn an Coimisiún san iarratas céanna, cuireann an Chomhairle leis sin nach bhfuil aon éifeacht dlí aige agus nach bhféadfaí caingean a thabhairt lena chur ar neamhní.

27      Ag an deireadh ar fad, cuireann an Chomhairle i gcoinne inghlacthacht na gníomhaíochta a mhéid a cháineann sí go hindíreach an bunús dlí ábhartha arna roghnú le haghaidh Cinneadh 2021/1117. Go deimhin, chuir an Coimisiún béim air nár mian leis saincheist dlí a agairt chuige sin, ós rud é go bhfuil aon iarmhairtí dlíthiúla ag an earráid sin sa chás seo, le linn dó á chur de chúram ar an gCúirt measúnú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil réiteach le tabhairt air trí bhíthin obiter dictum. Mar gheall ar an easpa soiléireachta sin, tá an Chomhairle idir dhá chomhairle cé acu cosaint a thíolacadh nó gan a thíolacadh ina leith sin. Thiocfaí salach ar na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus le riar cuí an cheartais leis an iarratas a thíolacadh mar sin, ar ceanglais iad ar dá réir nach mór an t-iarratas a bheith soiléir beacht a dhóthain le cosaint a bheith inréitithe ag an bpáirtí freasúrach agus le rialú a bheith intugtha ag an gCúirt.

28      Deir an Coimisiún, le tacaíocht ón Ardionadaí, go bhfuil an chaingean inghlactha.

 Measúnú na Cúirte

29      Ar an gcéad dul síos, de réir cásdlí socair, ní féidir gníomh de dhlí an Aontais a neamhniú go páirteach gurb inscartha ón gcuid eile den ghníomh an chuid a iarrtar go gcuirfí í ar neamhní. Ní chomhlíontar an ceanglas sin i gcás ina n-athrófaí a shubstaint dá ndéanfaí gníomh a neamhniú i bpáirt. Maidir le hinscarthacht na bhforálacha atá faoi chonspóid a fhíorú, ní mór scrúdú a dhéanamh ar raon feidhme na bhforálacha sin, chun go mbeifear in ann a mheas an n-athrófaí leo spiorad agus substaint an ghnímh atá faoi chonspóid (breithiúnais an 16 Iúil 2015, an Coimisiún v an Chomhairle, C-425/13, EU:C:2015:483, mír 94, agus an 22 Samhain 2022, an Coimisiún v an Chomhairle (Aontachas le hIonstraim na Ginéive), C-24/20, EU:C:2022:911, mír 47).

30      Shonraigh an Chúirt freisin gur critéar oibiachtúil é an cheist i dtaobh an n-athródh neamhniú páirteach substaint an ghnímh atá faoi chonspóid agus nach critéar suibiachtúil é atá nasctha le toil pholaitiúil na hinstitiúide a ghlac an gníomh sin (breithiúnas an 22 Samhain 2022, an Coimisiún v an Chomhairle (Aontachas le hIonstraim na Ginéive), C-24/20, EU:C:2022:911, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31      Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, mar is léir ó na focail féin ina bhfuil siad, go bhfuil raon feidhme ar leith ag na chéad trí Airteagal de Chinneadh 2021/1117.

32      Go deimhin, le hAirteagal 1 den Chinneadh sin, údaraíonn an Chomhairle síniú an Phrótacail agus, in Airteagal 3 de, ordaíonn sí go gcuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach. Le hAirteagal 2 den Chinneadh sin, arb é ábhar an chaingean seo é, údaraíonn an Chomhairle dá hUachtarán an duine nó na daoine a ainmniú atá údaraithe an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh.

33      Dá bhrí sin, cuirtear in iúl le hAirteagail 1 agus 3 de Chinneadh 2021/1117 cinneadh na Comhairle, a mhéid a bhaineann lena ábhar, an Prótacal arna chaibidliú ag an gCoimisiún a fhormheas agus a ordú go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é, cé go gcinntear le hAirteagal 2 den Chinneadh sin an t-údarás atá freagrach as an bPrótacal sin a ainmniú. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 34 go 37 dá Tuairim, níl aon tionchar ag an gceist maidir le hainmniú an tsínitheora ar chinneadh na Comhairle ábhar an Phrótacail a fhormheas ná a ordú go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é. Ina theannta sin, is féidir gur lena malairt de ghníomhartha a shocraítear an duine a bhfuil údarás aige an sínitheoir a ainmniú agus a dhéanann an duine sin an t-ainmniú dá thoradh, gan athrú shubstaint nó spiorad Airteagail 1 nó 3 de Chinneadh 2021/1117 a bheith mar éifeacht aige go hoibiachtúil.

34      Ní fhoráiltear in Airteagal 4 den Chinneadh sin ach do dháta a theacht i bhfeidhm.

35      Dá bhrí sin, tá Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 inscartha ón gcuid eile den Chinneadh sin agus féadfaidh sé, ar leithligh, a bheith ina ábhar caingne le haghaidh neamhniú.

36      Ar an dara dul síos, is gníomh de chuid na Comhairle, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 263 CFAE, a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do ghníomhaíocht ag an gCoimisiún, an duine a bhfuil údarás aige an Prótacal a shíniú, arna ainmniú ag Comhairle Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, murab ionann agus argóint na Comhairle, le tacaíocht ó Rialtas na hUngáire chuige sin, is inghlactha an cuntar éilimh lena n-iarrtar go ndéanfaí an t-ainmniú sin a neamhniú.

37      Ní chuirtear an ráiteas sin faoi cheist le hargóint na Comhairle nach ndearna an Coimisiún ábhar an chuntair éilimh sin a lua, leis an tsoiléireacht agus an beachtas a cheanglaítear le hAirteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 120(c) de na Rialacha Nós Imeachta, ós rud é nár thagair sé, ina iarratas lena dtionscnaítear imeachtaí, do na cumhachtaí iomlána a dheonaigh Uachtarán na Comhairle an 28 Meitheamh 2021 do Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chuig an Aontas Eorpach. Go deimhin, níl aon easontú idir na páirtithe gur thug Lucht Ardrúnaíocht na Comhairle na lánchumhachtaí sin, nár foilsíodh, do Phoblacht na Gabúine agus di amháin, fad nárbh ach an lá roimhe sin a fuair an Coimisiún Doiciméad ST 10307/21, lenar tugadh eolas gur shínigh Uachtarán na Comhairle Buanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh an Prótacal.

38      Thairis sin, cé gur cuireadh cóip de na cumhachtaí iomlána in iúl don Choimisiún faoi dheireadh i gcomhthéacs na díospóide seo mar iarscríbhinn a ghabhann le cosaint na Comhairle, luaigh an Coimisiún, ina fhreagra, go ndearna an cuntar éilimh lena n-iarrtar go gcuirfí ainmniú na Comhairle mar Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh, trína hUachtarán, ar neamhní mar an duine atá údaraithe an Prótacal a shíniú, dá dtagraítear leis na lánchumhachtaí sin.

39      Sna himthosca sin, chomhlíon an Coimisiún na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas faoi Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus as Airteagal 120(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais ina n-iomláine, trína chur in iúl, ina iarratas, go bhfuil ainmniú Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh mar an duine atá chun an Prótacal a shíniú ina chuid dhílis d’ábhar a caingne le haghaidh neamhniú agus trí thagairt a dhéanamh, ina leith sin, agus an soiléiriú dá dtagraítear sa mhír roimhe seo á thabhairt aige, don doiciméad a cuireadh chuige ina leith sin, agus don doiciméad sin amháin, á sholáthar ina fhreagra tar éis don Chomhairle na lánchumhachtaí a chur in iúl di.

40      A mhéid a bhaineann, ar an tríú dul síos, leis an bpléadáil go bhfuil an chaingean neamh-inghlactha a mhéid a bhaineann sí le bunús dlí Chinneadh 2021/1117, ní mór diúltú don phléadáil sin toisc í a bheith gan fheidhm. Go deimhin, mar a chuir an Coimisiún béim air ina iarratas, ní an moladh uaidh go gcuirfí le breithiúnas na Cúirte obiter dictum maidir leis an bunús dlí sin ar na forais lena chaingean, ós rud é gur thug an institiúid sin le fios, san iarratas céanna, nach raibh aon iarmhairt dlí ag an earráid sin arna líomhain aici sa chás seo.

41      Is léir ón méid seo go bhfuil an chaingean inghlactha.

 Substaint an cháis

42      Chun tacú lena chaingean, cuireann an Coimisiún dhá shaincheist dlí ar aghaidh, agus tá gach ceann acu roinnte ina dhá chuid. Éilítear leis an gcéad saincheist dlí sárú ar Airteagal 17(1) CAE, arna léamh i gcomhar, ina chéad chuid, le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 13 CAE agus, sa dara cuid, le hAirteagal 4(3) CAE. Sa chéad chuid den dara saincheist dlí, éilítear sárú ar Airteagail 296 agus 297 CFAE agus, sa dara cuid, sárú ar Airteagal 13(2) CAE.

43      Ní mór scrúdú a dhéanamh ar dtús ar an gcéad chuid den chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 17(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1) agus (2) CAE.

 Argóintí na bpáirtithe

44      Áitíonn an Coimisiún, le tacaíocht ón Ardionadaí, go dtugtar an sainchumas dó le hAirteagal 17(1) CAE ionadaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh a áirithiú in ábhair nach dtagann faoi raon feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (‘CBES’). Is é atá i gceist leis an sainchumas sin, go háirithe, comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú thar cheann an Aontais agus sínitheoir a leithéide de chomhaontuithe a ainmniú thar a cheann. Mar sin, ba de shárú ar an sainchumas sin go ndearnadh an Chomhairle difear, leis na gníomhartha dá dtagraítear sa chaingean seo, don chothromaíocht institiúideach arna bunú leis na Conarthaí, a cheanglaítear a chomhlíonadh le hAirteagal 13(1) agus (2) CAE.

45      I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir próiseas inmheánach cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, faoina n-údaraíonn an Chomhairle síniú an chomhaontaithe idirnáisiúnta arna chaibidiliú ag an gCoimisiún, agus síniú an chomhaontaithe sin féin. Gníomh ionadaíochta seachtraí atá sa síniú, de réir bhrí an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta an ghnáis mar atá i gCoinbhinsiún Vín. Dá bhrí sin, is faoin gCoimisiún atá sé an duine a ainmniú atá freagrach as an gComhaontú sin a shíniú.

46      Cuirtear treise le leithdháileadh na n-inniúlachtaí sin idir an Chomhairle agus an Coimisiún trí Airteagal 218(5) CFAE, lena n-údaraítear an Chomhairle an comhaontú a shíniú, ach gan an sínitheoir a ainmniú.

47      Dá bhrí sin, níl aon choimhlint idir Airteagal 17(1) CAE agus Airteagal 218(5) CFAE, ós rud é nach maolaíonn an dara ceann de na forálacha sin ar an gcéad fhoráil.

48      Ghníomhódh an Chomhairle amhail is go bhfuil ionadaíocht sheachtrach á dhéanamh don Aontas fós á déanamh aici, ag a huachtarán uainíochta agus a lucht Ardrúnaíochta trí Bhuanionadaí an Bhallstáit atá i mbun uachtaránacht na Comhairle an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais. Mar sin féin, ó theacht i bhfeidhm CAE agus CFAE, faoi Chonradh Liospóin, i bhfeidhm, ní hamhlaidh atá a thuilleadh.

49      Go deimhin, ba nuáil é le Chonradh Liospóin, i measc nithe eile i réimse an chaidrimh sheachtraigh, gur cuireadh deireadh le huachtaránacht uainíochta na Comhairle agus ionadaíocht sheachtrach á déanamh don Aontas. Is é cuspóir an leasaithe sin cur le hinfheictheacht agus aitheantas idirnáisiúnta an Aontais, trína áirithiú nach mbeidh ionadaithe na dtríú tíortha neamhchosanta a thuilleadh ar athruithe in ionadaíocht sheachtrach an Aontais mar thoradh ar uainíocht Uachtaránacht na Comhairle idir na Ballstáit agus nach mbíonn siad i dteagmháil le hionadaithe na mBallstát chuig an Aontas ach le hionadaithe an Aontais, arna n-ainmniú ag an Ardionadaí i réimse CBES agus ag an gCoimisiún in aon réimse eile de chaidreamh seachtrach an Aontais.

50      Baineann gníomhartha na Comhairle is ábhar don chaingean seo le cleachtas lena séantar an leasú sin a tugadh isteach le Conradh Liospóin. Dá bhrí sin, tá an cleachtas sin neamhdhleathach, gan beann ina leith sin ar cé acu Lucht Ardrúnaíocht na Comhairle agus an Biúró Conarthaí agus Comhaontuithe, a thacaíonn leis, a chuireann sé chun feidhme go fóill.

51      Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 agus ainmniú Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chuig an Aontas Eorpach mar shínitheoir leis an bPrótacal thar ceann an Aontais a chur ar neamhní. Mar sin féin, ba cheart éifeachtaí an Phrótacail a choinneáil.

52      Áitíonn an Chomhairle gur cheart diúltú don chéad chuid den chéad saincheist dlí.

53      Is ionann leis an institiúid sin, le tacaíocht ó Rialtais na Seice, na hUngáire, na hÍsiltíre agus na Portaingéile, an chaingean seo agus iarracht chun cur isteach ar a sainchumas i ndáil le síniú agus, dá réir sin, i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais, mar a leagtar amach in CAE agus CFAE agus mar atá á bhfeidhmiú aici leis na deacáidí anuas.

54      I ndáil leis sin, tugann an Chomhairle dá haire, agus an inniúlacht á feidhmiú aige a thugtar di chun a leithéid de chomhaontuithe a shíniú agus a thabhairt i gcrích, go gcuidíonn a Lucht Ardrúnaíochta léi, ar faoina réir chuige sin atá an Biúró Conarthaí agus Comhaontuithe, a bhfuil sé de chúram uirthi síniú comhaontuithe idirnáisiúnta a eagrú.

55      Ba iad is bun leis na lánchumhachtaí arna n-ullmhú ag an mBiúró sin le haghaidh Uachtarán na Comhairle ná measúnú ar ghnéithe éagsúla, lena n-áirítear céim oifigiúil an ionadaithe arna ainmniú ag an tríú tír lena mbaineann, tábhacht polaitíochta an chomhaontaithe agus an comhthéacs ina n-eagraítear an searmanas sínithe, nó an comhthéacs a bhaineann leis.

56      B’ionann ainmniú duine nó daoine atá údaraithe chun comhartha idirnáisiúnta a shíniú thar ceann an Aontais le fad a chur le feidhmiú an sainchumais agus le cuid de, ar sainchumas é a thugtar di le hAirteagal 218(5) CFAE chun ‘an síniú a údarú’. I bhfianaise na forála sin, ní bhaineann an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE le hábhar maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú. Níorbh aidhm lena leithéid de shíniú seasamh an Aontais dearcadh an Aontais a chur in iúl amháin, ach éifeachtaí dlíthiúla a chruthú sa dlí idirnáisiúnta, ionas nach féidir go mbaineann sé le ‘[h]ionadaíocht sheachtrach don Aontas’ amháin.

57      Na céimeanna uile ón gcinneadh lena n-údaraítear síniú go dtí an síniú féin, is leanúntas dlíthiúil agus nós imeachta iad a thagann faoi inniúlacht na Comhairle faoi Airteagal 16(1) CAE, a dtugtar cruth sonrach dó in Airteagal 218(5) CFAE. Ní mór a mheas go mbaineann síniú comhaontaithe idirnáisiúnta go dlúth le sainiú bheartais an Aontais a luaithe agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige.

58      Tugann an Chomhairle agus na rialtais a thacaíonn léi le fios freisin gur sainráite i gcónaí iad na cumhachtaí a bhaineann le comhaontuithe idirnáisiúnta a thugann údair na gConarthaí d’institiúid. Ós rud é nach ndéantar tagairt shainráite le hAirteagal 218(5) CFAE do theorainn a chur le cumhacht sínithe na Comhairle, chruthaigh údair na gConarthaí cothromaíocht institiúideach nach gceadaíonn don Choimisiún a mhaíomh, ar bhonn Airteagal 17(1) CAE, go bhfuil inniúlacht ag an sínitheoir a ainmniú.

59      Ní toradh riachtanach ar ‘ionadaí’ a thabhairt ar an duine a údaraítear leis na lánchumhachtaí, de réir bhrí dhlí idirnáisiúnta an ghnáis arna chódú le Coinbhinsiún Vín, gan teacht salach ar raon feidhme Airteagal 16(1) CAE agus Airteagal 218(5) CFAE, go mbaineann an síniú arna chur ag an duine sin le ‘[h]ionadaíocht sheachtrach don Aontas’, de réir bhrí an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. Fiú dá bhféadfadh síniú comhaontaithe idirnáisiúnta a bheith, ó thaobh na teoirice, ina ghníomh ionadaíochta seachtraí, tá Airteagal 218(5) CFAE ar cheann de na ‘cásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí’ mar sin féin, dá dtagraítear sa séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, agus dá bhrí sin is eisceacht é ó chumhacht an Choimisiúin ionadaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh a áirithiú a mhéid a bhaineann le síniú comhaontaithe idirnáisiúnta a eagrú.

60      Cé go n-aithnítear nach raibh a comhionann d’fhoráil leis an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE agus CCE a bhí i bhfeidhm roimh Chonradh Liospóin, tugann an Chomhairle agus na rialtais atá ag tacú léi dá haire, áfach, nár thug na conarthaí a bhí ann roimhe sin, a thug cumhachtaí áirithe ionadaíochta seachtraí don Choimisiún cheana féin, aon inniúlacht don Choimisiún comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú. Is amhlaidh atá go fóill faoi CAE agus faoi CFAE. Ar an gcaoi chéanna, ní athraíodh cumhacht na Comhairle ó Airteagal 218(5) CFAE as sin amach chun sínitheoirí na gconarthaí idirnáisiúnta a ainmniú, le cumhachtaí ionadaíochta seachtraí a aistriú ó Uachtarán uainíochta na Comhairle don Ardionadaí trí Chonradh Liospóin. Dá bhrí sin, ós rud é nach ndearnadh na hathruithe arna n-agairt ag an gCoimisiún le Conradh Liospóin maidir lena leithéid de comhaontuithe a shíniú, níor bhain na difríochtaí téacsúla idir na forálacha d’Airteagal 218(5) CFAE ach le dréachtú agus leis amháin.

 Measúnú na Cúirte

61      Ní mór a thabhairt chun cuimhne ar dtús gur bhunaigh na Conarthaí córas chun cumhachtaí a leithdháileadh idir institiúidí an Aontais Eorpaigh, lena dtugtar a chúram féin do gach ceann de na hinstitiúidí sin i struchtúr institiúideach an Aontais Eorpaigh agus i gcomhlíonadh na gcúraimí a cuireadh de chúram air (breithiúnais an 22 Bealtaine 1990, an Pharlaimint v an Chomhairle, C-70/88, EU:C:1990:217, mír 21, agus an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Coimisiún v an Chomhairle, (WRC-15), C-687/15, EU:C:2017:803, mír 40).

62      Mar sin, foráiltear dó leis an gcéad abairt d’Airteagal 13(2) CAE, go ngníomhóidh gach institiúid den Aontas laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna conarthaí, agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na cuspóirí a leagtar amach iontu. Léiríonn an fhoráil sin prionsabal na cothromaíochta institiúidí, ar saintréith é de struchtúr institiúideach an Aontais, rud a chiallaíonn nach mór do gach ceann de na hinstitiúidí a chumhachtaí a fheidhmiú agus aird chuí á tabhairt ar chumhachtaí na n-institiúidí eile (breithiúnais an 14 Aibreán 2015, an Chomhairle v an Coimisiún, C-409/13, EU:C:2015:217, mír 64 agus an 22 Samhain 2022, an Coimisiún v an Chomhairle (Aontachas le hIonstraim na Ginéive), C-24/20, EU:C:2022:911, mír 83).

63      Foráiltear le hAirteagal 13(2) CAE, ina theannta sin, go gcleachtfaidh institiúidí an Aontais comhar dílis eatarthu féin.

64      Sa chás seo, i measc chumhachtaí na Comhairle a bhaineann leis an scrúdú ar an gcéad chuid den chéad saincheist dlí atá, go háirithe, an chumhacht dá dtagraítear leis an dara habairt d’Airteagal 16(1) CAE, lena dtugtar don institiúid sin feidhmeanna ‘sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha faoi mar a leagtar síos sna Conarthaí’ agus feidhmeanna dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 16(6) CAE, ar dá réir go ‘[gc]umfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áiritheoidh sí comhchuibheas ghníomhaíocht an Aontais’.

65      Leagtar amach cumhachtaí ábhartha an Choimisiúin chun críocha an scrúdaithe chéanna sin sa chéad abairt, sa chúigiú agus sa séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. Foráiltear leis na habairtí sin, faoi seach, go ‘[nd]éanfaidh an Coimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige sin’, go ‘[bhf]eidhmeoidh sé feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta mar atá leagtha síos sna Conarthaí’ agus ‘go n-áiritheoidh sé ionadaíocht sheachtrach an Aontais’, cé is moite, áfach, den inniúlacht sin maidir le CBES agus ‘cásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí’.

66      I gcomhréir leis an roinnt inniúlachtaí sin, agus mar a dhearbhaítear, thairis sin, le hAirteagal 218(2) agus (5) CFAE, is faoin gComhairle, ar thogra ón idirbheartaí, síniú comhaontaithe idirnáisiúnta a údarú thar ceann an Aontais. Go deimhin, is é atá i gceist leis an gcinneadh maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil comhaontú arna chaibidliú ag an gCoimisiún le tríú tír le síniú ná measúnú a dhéanamh, i gcomhréir leis na treoirlínte straitéiseacha arna leagan amach ag an gComhairle Eorpach agus le prionsabail agus cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus eadránú idir na leasanna éagsúla a bhaineann leis na caidrimh sin. Dá bhrí sin, tá an cinneadh sin ar na gníomhartha lena sainítear beartais an Aontais agus lena gcumtar a ghníomhaíocht sheachtrach, de réir bhrí an dara habairt d’Airteagal 16(1) agus an tríú habairt d’Airteagal 16(6) CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Iúil 2016, an Chomhairle v an Coimisiún (C-660/13, EU:C:2016:616, míreanna 39 agus 40).

67      Ní áirítear sa chinneadh lena n-údaraítear comhaontú idirnáisiúnta a shíniú, áfach, an gníomh ina dhiaidh sin lena sínítear an comhaontú féin. Go deimhin, tá an síniú sin le cur air, agus údarás faighte, i ndiaidh na bearta go léir is gá a dhéanamh chuige sin, go háirithe i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann. Áirítear ar na bearta sin lánchumhachtaí a eisiúint lena n-ainmnítear an duine/na daoine atá údaraithe chun an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

68      D’fhonn a chinneadh cé acu de na institiúidí is inniúil faoi dhlí an Aontais chun sínitheoir comhaontaithe idirnáisiúnta a ainmniú, ní mór brath ar phríomhghné an ainmnithe sin, eadhon duine nó daoine a údarú chun gníomhú thar ceann an Aontais i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.

69      I ndáil leis sin, is fíor, ar dtús, nach gceanglaítear leis an ainmniú sin measúnú a dhéanamh a thagann faoi ‘s[h]aini[ú] beartas’ an Aontais nó faoi na feidhmeanna ‘comhordaitheacha’ nó a ‘g[h]níomhaíocht sheachtrach’ a chumadh, de réir bhrí Airteagal 16(1) agus (6) CAE. Is deimhin go ndearnadh é i ndiaidh chinneadh na Comhairle síniú an chomhaontaithe a údarú, ach ní cuid é den mheasúnú polaitíochta is bun lena leithéid de chinneadh, ar measúnú é ar ghéill an institiúid sin do na héifeachtaí dlíthiúla a bheadh aige ar an síniú de réir rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta ina dhiaidh.

70      I ndáil leis an méid sin, ní mór a thabhairt faoi deara, gan beann ar an duine a ainmnítear mar shínitheoir faoi rialacha dhlí an Aontais, go mbeidh na héifeachtaí dlíthiúla ag an síniú, lena n-áirítear an oibleagáid, dá dtagraítear go háirithe in Airteagal 18 de Choinbhinsiún Vín, staonadh ó ghníomhartha a sháródh aidhm agus cuspóir an chomhaontaithe, agus go mbeidh siad ina gceangal ar an Aontas Eorpach mar ábhar don dlí idirnáisiúnta.

71      Anuas air sin, maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ainmniú an sínitheora ina ghníomh lena ‘n-áirith[ítear] ionadaíocht sheachtrach an Aontais’, de réir bhrí an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, is fíor, de réir na gnáthchéille leis, gurb é atá i gceist leis an gcoincheap dlíthiúil ‘ionadaíocht’ ná gníomh thar ceann ábhar le tríú páirtí, ar gníomh é lena bhfuil toil an ábhair sin i ndáil leis an tríú páirtí sin inchurtha in iúl, mar a thugann an tAbhcóide Ginearálta le fios i mír 50 dá Tuairim.

72      Cuirtear toil an Aontais in iúl go beacht, mar a shainmhíníonn an Chomhairle é, i ndáil leis an tríú tír a bhfuil an Comhaontú sin á chaibidliú, lena shíniú a chur le comhaontú idirnáisiúnta thar ceann an Aontais ag an duine arna ainmniú chuige sin.

73      Déantar le focail an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ar dá réir a ‘áiritheoidh [an Coimisiún] ionadaíocht sheachtrach an Aontais’, a bhunú go dtugtar cumhacht don Choimisiún aon ghníomh a dhéanamh, seachas CBES agus mura bhforáiltear leis na Conarthaí dá mhalairt de leithdháileadh inniúlachtaí chuige sin, ar gníomh é lena n-áirithítear go gcuirfí an síniú sin leis i ndiaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear comhaontú idirnáisiúnta a shíniú thar ceann an Aontais.

74      Tá an léiriú sin ar an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE ar aon dul le dlí idirnáisiúnta an ghnáis.

75      I ndáil leis sin, ó thaobh comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú, is léir ó dhlí idirnáisiúnta an ghnáis mar atá códaithe inter alia in Airteagal 2(1)(c) agus Airteagal 7(1)(a) de Choinbhinsiún Vín nach mór a mheas, de réir a lánchumhachtaí, gur ionadaí an Stáit sin nó na eagraíochta idirnáisiúnta sin é aon duine arna ainmniú i ndoiciméad ó údarás inniúil Stát nó ó chomhlacht inniúil eagraíochta idirnáisiúnta chun an síniú a dhéanamh.

76      Mar sin, tagann síniú a chur le comhaontú idirnáisiúnta thar ceann an Aontais ag a leithéid de dhuine faoi ‘ionadaíocht’ an Stáit nó na heagraíochta idirnáisiúnta sin, faoi rialacha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis.

77      Dá bhrí sin, i bhfianaise an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ní mór a chinneadh go dtagann na bearta is gá a dhéanamh ar mhaithe le comhaontú idirnáisiúnta a shíniú i ndiaidh don Chomhairle an síniú sin a údarú ag an gComhairle, lena n-áirítear an beart maidir leis an sínitheoir a ainmniú, seachas CBES, faoi inniúlacht an Choimisiúin ‘ionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú’, mura dtugtar aon chumhacht chun an t-ainmniú sin a eagrú d’institiúid eile an Aontais le CAE nó CFAE. Tá an forchoimeádas sin, mar a léirítear sa nath ‘cásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí’, mar a thugann an tAbhcóide Ginearálta dá haire i mír 72 dá Tuairim agus mar is léir ó na focail ina bhfuil an séú abairt d’Airteagal 17(1) CAE, ina eisceacht ar inniúlacht an Choimisiúin a leagtar amach san fhoráil sin.

78      Dearbhaíonn an Chomhairle agus na rialtais ag tacú léi go ndéanann Airteagal 218 CFAE, lena bhforáiltear do nós imeachta aontaithe agus ginearálta chun comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas Eorpach inniúil a thabhairt i gcrích a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Chomhairle (Comhaontú leis an Airméin), C-180/20, EU:C:2021:658, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear), a mbaineann mír 5 de le húdarú shíniú na gcomhaontuithe sin, a mhéid a bhaineann leis an síniú sin, faoi na ‘cásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí’ dá dtagraítear sa séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE.

79      Is fíor, áfach, mar atá ar neamhréir le hAirteagal 218(3) CFAE, lena dtugtar de chumhacht don Chomhairle, i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú, ní hamháin chun caibidlíocht a thosú agus chun an t-idirbheart nó ceann na bhfoirne caibidlíochta a ainmniú, nach dtagraítear le hAirteagal 218(5) CFAE d’inniúlacht na Comhairle chun síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe idirnáisiúnta a údarú ach d’inniúlacht chun an sínitheoir de a ainmniú. Mar sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 82 go 84 dá Tuairim, ní maolú ar an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE an fhoráil sin.

80      Bíodh is gurb amhlaidh an cás gur féidir a mheas gur ‘leanúntas’ atá sna himeachtaí caibidlíochta, sínithe agus tugtha i gcrích, dá dtagraítear le hAirteagal 218 CFAE, ina n-iomláine, mar a thugann an Chomhairle dá haire le tacaíocht ó na rialtais, ní mór do gach institiúid, faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear go sainráite agus faoina réir amháin, a hinniúlachtaí a fheidhmiú mar a thugtar di leis na Conarthaí, i gcomhréir le prionsabal na cothromaíochta institiúidí a thugtar chun cuimhne le mír 62 den bhreithiúnas seo. Maidir leis an sínitheoir a ainmniú do chomhaontú idirnáisiúnta, áfach, ní fhoráiltear in Airteagal 218(5) CFAE d’eisceacht ar inniúlacht an Choimisiúin faoin séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ar son na Comhairle.

81      Tugtar le tuiscint uaidh sin, i gcás inar údaraigh an Chomhairle comhaontú idirnáisiúnta a shíniú, amhail sa chás seo, nach dtagann ‘[c]ásanna eile dá bhforáiltear sna Conartha’ faoi CBES, gur faoin gCoimisiún atá sé de réir an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE a áirithiú go ndéantar an síniú sin den chomhaontú.

82      Ní chuirtear an ráiteas sin toisc gur lean an Chomhairle, i ndiaidh teacht i bhfeidhm do CAE agus CFAE, de shínitheoirí comhaontuithe idirnáisiúnta a ainmniú agus den bhuanionadaí chun an Aontais de chuid an Bhallstáit atá i mbun uachtaránacht uainíochta na Comhairle a roghnú go minic mar shínitheoir. Go deimhin, níl rialacha na gConarthaí atá le comhlíonadh ag na hinstitiúidí inathraithe le cleachtas, fiú más cleachtas leanúnach é (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Chomhairle v an Coimisiún (WRC-15), C-687/15, EU:C:2017:803, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

83      Ag an deireadh ar fad, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17(1) CAE, nach mór don Choimisiún a inniúlacht a fheidhmiú maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú ar mhaithe le leas ginearálta an Aontais. Thairis sin, tá air déanamh de réir na hoibleagáide maidir le comhar dílis a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE. Dá bhrí sin, is faoin institiúid sin, go háirithe, a áirithiú, ar ghlacadh an chinnidh ón gComhairle lena n-údaraítear síniú an chomhaontaithe, go ndéanfar an síniú sin a luaithe is féidir, faoi na dálaí lena léirítear go hiomchuí tábhacht an chomhaontaithe. Thairis sin, i gcás ina dtarlaíonn athrú bunúsach sna himthosca tar éis an cinneadh lena n-údaraítear an síniú a ghlacadh, is faoin gCoimisiún atá sé dul i gcomhairle leis an gComhairle ionas go bhféadfaidh an Chomhairle, i gcás inarb iomchuí, i bhfeidhmiú a cumhachtaí a chumhdaítear in Airteagal 16(1) agus (6) CAE agus in Airteagal 218 CFAE, iarmhairtí an athraithe bhunúsaigh sin ar na himthosca a tharraingt sula déantar an síniú.

84      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór seasamh leis an gcéad chuid den chéad saincheist dlí.

85      Dá réir sin, is gá Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 a chur ar neamhní agus ainmniú Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh, ar bhonn na forála sin, mar an duine atá údaraithe chun an Prótacal a shíniú, gan gá a bheith le scrúdú a dhéanamh ar an dara cuid den chéad saincheist dlí ná ar an dara saincheist dlí den chaingean.

 Éifeachtaí na ngníomhartha arna gcur ar neamhní a choinneáil ar bun

86      De réir fhocail an dara habairt d’Airteagal 264 CFAE, i gás ina measann sí gur gá leis, d’fhéadfadh an Chúirt éifeachtaí an ghnímh arna neamhniú atá le cinneadh gur cinntitheach iad a thabhairt le fios.

87      Féadfar an chumhacht sin a úsáid, ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, go háirithe i gcás ina bhfeadfadh neamhniú de chinneadh arna ghlacadh ag an Aontas, i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, amhras a tharraingt ar rannpháirtíocht an Aontais sa chomhaontú idirnáisiúnta lena mbaineann nó ar a chur chun feidhme, cé nach bhfuil aon amhras ann maidir le hinniúlacht an Aontais chuige sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Chomhairle v an Coimisiún (WRC-15), (C-389/15, EU:C:2017:798, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear).

88      Ní bheadh sé de thoradh ar Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 a chur ar neamhní agus, de bhun na forála sin, an duine a ainmniú atá údaraithe chun an Prótacal a shíniú gan a n-éifeachtaí a choinneáil ar bun go dtabharfaí faoi cheist síniú an Prótacail thar ceann an Aontais an 29 Meitheamh 2021, bíodh is nach dtarraingítear amhras le hinniúlacht an Aontais, de bhíthin síniú thar a cheann, géilleadh do na héifeachtaí dlíthiúla dá dtagraítear go háirithe in Airteagal 18 de Choinbhinsiún Vín agus do chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail agus, thairis sin, is deimhin gur mian leis an Aontas an toiliú sin a chur in iúl, ós rud é gur údaraigh an Chomhairle síniú an Phrótacail in Airteagal 1 de Chinneadh 2021/1117. Cé gur tugadh an t-údarú sin faoi réir an Prótacal a thabhairt i gcrích, ní mór a rialú, áfach, gur tugadh é gcrích, dá réir sin, mar a léirítear le glacadh Chinneadh (AE) 2022/2066 ón gComhairle, an 21 Feabhra 2022, maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (IO 2022 L 277, lch. 103), lenar fhormhuinigh an tAontas an Prótacal.

89      Dá bhrí sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a chaomhnú, ní mór a chinneadh gur éifeachtaí cinntitheacha iad éifeachtaí Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 agus ainmniú Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chun an Aontais Eorpaigh, de bhun na forála sin, mar an duine atá údaraithe chun an Prótacal a shíniú.

 Costais

90      Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n-éireoidh leis. Ós rud é go bhfuil iarratas déanta ag an gCoimisiún go n-íocfaidh an Chomhairle as na costais agus nár éirigh leis an gComhairle, ní mór a ordú don Chomhairle, chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún a íoc.

91      Faoi Airteagal 140(1) den Rialachán sin, íocfaidh Poblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht na Portaingéile a gcostais féin.

92      Faoi Airteagal 140(3) den Rialachán sin, ní foláir don Ardionadaí a chostais féin a íoc freisin.

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra):

1.      Cuirtear ar neamhní Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1117 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026).

2.      Cuirtear ar neamhní an t-údarú, de bhun Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 de Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chuig an Aontas Eorpach mar an duine a bhfuil sé de chumhacht aige an Prótacal maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026).

3.      Is cinntitheach éifeachtaí Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 agus údarú ar bhonn na forála sin, de Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile chuig an Aontas Eorpach mar an duine a bhfuil sé de chumhacht aige an Prótacal maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026).

4.      Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin agus costais an Choimisiúin Eorpaigh a íoc.

5.      Ordaítear do Phoblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Portaingéile agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a gcostais féin a íoc.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Béarla.