Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – Meta Platforms Ireland Limited v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni

(Cás C-797/23, Meta Platforms Ireland)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Limited

Cosantóir: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ar cheart Airteagal 15 (de Threoir 790/20191 (EUCD)) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhorálacha reachtaíochta náisiúnta a thabhairt isteach – amhail na cinn a leagtar síos in Airteagal 43-bis de Dhlí na hIodáile maidir le cóipcheart agus na cinn atá leagtha síos i [Rún AGCom 3/23/CONS ón Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni , a mhéid a:

1.a) fhorchuirtear oibleagáidí luach saothair (cúiteamh cóir), de bhreis ar na cearta eisiacha a leagtar amach in Airteagal 15 EUCD, ar [soláthraithe seirbhísí na sochaí faisnéise (ISSPanna)] agus i bhfabhar na bhfoilsitheoirí;

1.b) leagtar síos oibleagáidí do na ISSPanna iad féin:

– dul i mbun caibidlíochta le foilsitheoirí,

– an fhaisnéis is gá a sholáthar do na foilsitheoirí iad féin agus don Údarás Rialála chun críocha cúiteamh cóir a chinneadh, agus

– gan infheictheacht ábhar an fhoilsitheora i dtorthaí cuardaigh a shrianadh go dtí go gcríochnófar an chaibidlíocht;

1.c) tugtar an méid seo a leanas don Údarás Rialála (AGCom):

– cumhacht maoirseachta agus smachtbhannaí,

– an chumhacht chun na critéir tagartha a shainaithint chun cúiteamh cóir a chinneadh,

– an chumhacht chun méid cruinn an chúitimh chóir a chinneadh, i gcás mainneachtana na bpáirtithe a chomhaontú?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 15 EUCD ar fhorálacha náisiúnta amhail na cinn dá dtagraítear i gCeist 1 thuas, lena gcuirtear oibleagáid ar [ISSPanna] sonraí a nochtadh, faoi réir mhaoirseacht an Údaráis Rialála náisiúnta féin, a bhfuil neamhchomhlíonadh faoi réir smachtbhannaí riaracháin?

An bhfuil prionsabail na saoirse chun gnó a sheoladh, dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, maidir le saoriomaíocht, dá dtagraítear in Airteagal 109 CFAE, agus prionsabail na comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, forálacha na reachtaíochta náisiúnta, amhail na cinn dá dtagraítear thuas, lena:

3.a) dtugtar isteach cearta ar luach saothair de bhreis ar na cearta eisiacha dá dtagraítear in Airteagal 15 den EUCD, a bhfuil oibleagáid, dá dtagraítear thuas, a fhorchur ar [ISSPanna] dul i mbun caibidlíochta le foilsitheoirí oibleagáid an fhaisnéis is gá a sholáthar d’fhoilsitheoirí agus/nó don údarás rialála náisiúnta chun cúiteamh cóir a chinneadh, agus oibleagáid gan srian a chur le hinfheictheacht ábhar an fhoilsitheora i dtorthaí cuardaigh ar feitheamh na caibidlíochta sin;

3.b) dtugtar an méid seo a leanas don údarás rialála náisiúnta sin:

– cumhacht maoirseachta agus smachtbhannaí,

– an chumhacht chun na critéir tagartha a shainaithint chun cúiteamh cóir a chinneadh,

– an chumhacht chun méid cruinn an chúitimh chóir a chinneadh, i gcás mainneachtana na bpáirtithe a chomhaontú;

____________

1      Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO 2019 L 130, lch. 92).