Language of document :

Caingean arna tabhairt an 15 Aibreán 2024 – Piping Hot v EUIPO – Pripd (SEA BY PIPING HOT)

(Cás T-202/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Piping Hot Ltd (Kowloon, Hong Cong, an tSín) (ionadaí: J. Mietzel, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pripd LLC (Ronkonkoma, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh SEA BY PIPING HOT – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 536 921

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Feabhra 2024 i gCás R 1038/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a dhearbhú gur féidir an trádmharc atá faoi cheist a chlárú i leith na n-earraí agus na seirbhísí go léir atá faoi chonspóid;

a ordú do EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc agus na himeachtaí freasúracha.

Saincheist dlí arna maíomh

Sarú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________