Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2024 ag Michael Heßler i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-369/22, Michael Heßler v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-137/24 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Michael Heßler (ionadaí: I. Steuer-Lutz, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt,

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) an 20 Nollaig 2023 i gCás T-369/22 a chur ar ceal,

An cinneadh ar an ngearán ón gCoimisiún Eorpach an 25 Márta 2022 a chur ar neamhní,

a ordú don Choimisiún Eorpach leanúint den díolúine ó cháin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 3(4) de Rialachán (CEE, EURATOM, CEGC) Uimh. 260/68 1 , mar a leagtar amach i gconclúid 222/04 ó na Cinn Riaracháin 2 , le héifeacht aisghníomhach go dtí an 1 Lúnasa 2021, chomh fada agus a chomhlíontar na coinníollacha,

ús a íoc ar na híocaíochtaí nach ndearnadh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, agus

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir na saincheisteanna a leanas:

Rinne an Chúirt Ghinearálta an coincheap “gníomh a dhéanann dochar” in Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach 1 a léiriú go mícheart.

Sháraigh an Chúirt Ghinearálta ceart an achomharcóra chun dea-riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha, toisc nár chinn sí go raibh sárú déanta ag an gCoimisiún Eorpach ar an oibleagáid cúiseanna a bhí le cinntí a lua ná sárú ag an gCoimisiún Eorpach ar an gceart chun éisteacht a fháil sula nglacfar gníomh a dhéanann dochar.

Sháraigh an Chúirt Ghinearálta ceart an achomharcóra an luach saothair a raibh sé ina theideal a fháil trí

cheangal a chruthú, nach bhfuil ann, idir liúntas linbh a dheonú agus liúntas cánach i ndáil le leanaí cleithiúnacha,

choincheap an “leanbh cleithiúnach” sa dara fomhír d’Airteagal 3(4) de Rialachán Uimh. 260/68 a mhíthuiscint tríd an teidlíocht chun cothabhála a bhunú ar aois an linbh agus ní ar a riachtanais pearsanta,

mhainneachtain a dhearbhú go bhfuil an t-achomharcóir i dteideal an lacáiste cánach a ndearnadh iarratas air ar bhonn an dlí choitinn agus an phrionsabail um chosaint ionchais dhlisteanacha,

nádúr dlíthiúil na díolúine cánach a ndearnadh iarratas uirthi a mhíthuiscint, agus

mhainneachtain éifeacht cheangailteach Chonclúid 222/04 ó na Cinn Riaracháin agus ón Treoir inmheánach ón gCoimisiún Eorpach a chuireann an chonclúid sin chun feidhme ar an gCoimisiún Eorpach a aithint.

____________

1 Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cánach chun sochar na gComhphobal Eorpach (IO 1968 L 56, lch. 8).

1 Conclúid Uimh. 222/04 (SEC[2004]411) ó na Cinn Riaracháin an 7 Aibreán 2004.

1 Rialacháin Foirne Oifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 1962 L 45, lch. 1385).