Language of document :

Caingean arna tabhairt an 3 Meitheamh 2022 – Föreningen Svenskt Landskapsskydd v an Coimisiún

(Cás T-346/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Föreningen Svenskt Landskapsskydd (Höganäs, an tSualainn) (ionadaí: G. Byrne, Abhcóide)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a ordú go gcuirfí cinneadh an Choimisiúin, lena ndiúltaítear d’iarratas an iarratasóra ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh toisc é a bheith neamh-inghlactha, ar tugadh fógra ina leith don iarratasóir le litir dár dáta 1 Aibreán 2022, ar neamhní, ar an bhforas go sáraíonn sé na Conarthaí;

sa bhreis air sin/ nó de rogha air sin, a dhearbhú gur mhainnigh an Coimisiún gníomhú, go neamhdhleathach, faoi Airteagal 265 CFAE;

a dhearbhú go ndearna an Coimisiún Coinbhinsiún Aarhus a mheas agus/nó a ghlacadh agus/nó a fhoilsiú go neamhdhleathach, i gcúinsí nach gcomhlíonann PNFA na Sualainne Coinbhinsiún Aarhus, agus mar sin is sárú é ar dhlí AE agus ar an dlí idirnáisiúnta agus/nó tá sé neamhdhleathach;

a dhearbhú gur theip ar an gCoimisiún ina chuid dualgais dhearfacha faoi dhlí AE agus an dlí idirnáisiúnta cibé bearta riachtanacha cuí a ghlacadh d’fhonn dul i ngleic le neamhchomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus PNFA na Sualainne agus/nó an neamhchomhlíonadh sin a leigheas;

a dhearbhú nach dtugann Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 1 éifeacht d’fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus, lena n-áirítear Airteagal 7 de, agus mar sin nach gcomhlíonann sé dlí comhshaoil AE agus dlí idirnáisiúnta comhshaoil, agus, mar sin, go bhfuil sé mídhleathach;

ag féachaint do do neamhchomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus ag PNFAanna, agus ag PNFA na Sualainne go háirithe, a dhearbhú gur sárú ar Rialachán (AE) 2018/1999 atá i mainneachtain an Choimisiúin a dhualgais a chomhlíonadh de réir an Rialacháin sin, chomh maith le sárú ar an gCoinbhinsiún agus, ina theannta sin, sárú ar na Conarthaí;

a ordú don Choimisiún costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur cheart cinneadh an Choimisiúin, ar tugadh fógra ina leith don iarratasóir le litir dár dáta 1 Aibreán 2022, a neamhniú. Chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin i litir dár dáta 15 Nollaig 2021. Mar fhreagra ar an litir sin ón iarratasóir, dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh an iarraidh inghlactha. Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil cinneadh an Choimisiúin ina leith sin fabhtach ó bhonn agus gur sárú é ar dhlí AE agus ar dhlí idirnáisiúnta comhshaoil agus gur sárú é ar na Conarthaí. Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil dualgais dhearfacha an Choimisiúin faoi na Conarthaí agus faoin dlí idirnáisiúnta sáraithe aige, lena n-áirítear Airteagail 3, 6 agus 7 den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus). Maíonn an t-iarratasóir sa bhreis air sin go bhfuil reachtaíocht thánaisteach an Aontais, lena n-áirítear Airteagail 9 agus 10 Rialachán 1367/20061 (arna leasú), sáraithe leis an gcinneadh lochtach ón gCoimisiún. Maíonn an t-iarratasóir gur sháraigh an Coimisiún a cheart chun rochtain a fháil ar cheartas i ngnothaí comhshaoil faoi Chonbhinsiún Aarhus agus Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (arna leasú).

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún gníomhú de réir bhrí Airteagal 265 CFAE i leith PNFAanna ar mheas, ar ghlac, agus ar fhoilsigh an Coimisiún iad, lena n-áirítear PNFA lochtach na Sualainne go háirithe. Trína mhainneachtain gníomhú, sháraigh an Coimisiúin a chuid dualgais faoi na Conarthaí agus faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Airteagail 3, 6 agus 7 de Choinbhinsiún Aarhus. Maíonn an t-iarratasóir sa bhreis air sin gur sáraíodh, le heasnamh an Choimisiúin, reachtaíocht thánaisteach an Aontais, lena n-áirítear, inter alia, Airteagail 9 agus 10 Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (arna leasú).

An triú saincheist dlí lena n-éilítear go gciallaíonn mainneachtain an Choimisiúin comhlíonadh iomlán Choinbhinsiún Aarhus ag PNFA na Sualainne a áirithiú, go bhfuil agus go raibh PNFA ag gach uile thráth ábhartha, measúnaithe, glactha, agus foilsithe de shárú iomlán ar dhlí AE agus ar an dlí idirnáisiúnta agus, mar sin, go bhfuil sé mídhleathach.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear nach dtugann Rialachán (AE) 2018/1999 éifeacht d’fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus, lena n-áirítear Airteagal 7 de, agus mar sin nach gcomhlíonann sé dlí comhshaoil AE agus an dlí idirnáisiúnta comhshaoil. Sa bhreis air sin, nó de rogha air sin, maíonn an t-iarratasóir go sáraítear na Conarthaí le Rialachán (AE) 2018/1999. Mar sin, maíonn an t-iarratasóir gur cheart go ndearbhófar go bhfuil Rialachán (AE) 2018/1999 neamhdhleathach.

____________

1     Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2018 L 328, lch. 1).

1     Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO 2006 L 264, lch. 13) arna leasú le Rialachán (AE) 2021/1767 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 (IO 2021 L 356, lch. 1).