Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Krajským soudem v Ostravě – pobočka v Olomouci (Poblacht na Seice) a taisceadh an 2 Feabhra 2023 – CS STEEL a.s. v Generální ředitelství cel

(Cás C-86/24, CS STEEL)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Krajský soud v Ostravě – pobočka v Olomouci

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CS STEEL a.s.

Cosantóir: Generální ředitelství cel

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil an bhunriail maidir le tionscnamh a chinneadh mar atá leagtha síos i bhfo-cheannteideal 7304 41 den Chóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí a leagtar amach in Iarscríbhinn 22-01 de Rialachán Tarmligthe 2015/2446 1 bailí a mhéid ar dá réir nach leordhóthanach iad a fhuar-phróiseáil (trí fhuar-rollú) chun athrú tionscnaimh a dhéanamh ar phíopaí teo-chríochnaithe faoi fho-cheannteideal 7304 11 atá i gcomhréir le caighdeán A312 ASTM?

____________

1 Rialachán Tarmlighte (AE) Uimh. 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch. 1).