Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia (an Iodáil), an 26 Eanáir 2022 – VZ v CA
(Cás C-53/22)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: VZ
Cosantóir: CA
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcuirtear cosc le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665 1 , maidir le hiomaitheoir atá eisiata go cinntitheach ó nós imeachta roghnúcháin conraitheora, ar an bhféidearthacht go séanfaí don iomaitheoir go ndéanfaí athbhreithniú ar an diúltú an dámhachtain a neamhniú, i gcás go mbeartaítear a thaispeáint go bhfuil an tairgeoir a n-éireoidh leis agus gach iomaitheoir eile ar an ngearrliosta ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, arb ionann sin agus comhaontuithe frithiomaíocha a thabhairt i gcrích, arna gcinneadh ag cúirt tar éis an t-iomaitheoir a eisiamh amháin, d’fhonn an deis a bheith aige bheith rannpháirteach in athsheoladh den nós imeachta?
An gcuirtear cosc le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665 agus prionsabail [dhlí an Aontais Eorpaigh] maidir le hiomaíocht a chosaint ar chúirt riaracháin athbhreithniú le grinnscrúdú, arna iarraidh ag iomaitheoir atá eisiata go cinntitheach ó nós imeachta roghnúcháin conraitheora, ar dhiúltú an údaráis chonarthaigh d’athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta a ghlac sé féin, maidir le hiomaitheoirí a ligean isteach agus conarthaí a dhámhachtain ar an gcéanna a thugann comhaontaithe frithiomaíocha i gcrích, arna gcinneadh ag cúirt, san earnáil chéanna leis an nós imeachta tairisceana?
____________
1 Treoir 89/665/CEE an 21 Nollaig 1989 ón gComhairle maidir le comhordú a dhéanamh ar dhlíthe, ar rialacháin agus ar fhorálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (IO L 395, lch. 33).