Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 14 Feabhra 2024 – JYSK Kereskedelmi Kft. v Nemzeti Élelmiszerlánc-biztonsági Hivatal
(Cás C-117/24, JYSK)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: JYSK Kereskedelmi Kft.
Cosantóir: Nemzeti Élelmiszerlánc-biztonsági Hivatal
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal 4(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 1 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1) den Rialachán sin a léiriú ar chaoi go bhfuil sé comhsheasmhach leis na forálacha sin go mbeadh rochtain ag an oibreoir ar na gnéithe – dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán – den chóras díchill chuí atá arna chothabháil agus arna measúnú ag a mháthairghnóthas nó arna úsáid ag a mháthairghnóthas agus arna bhunú le heagraíocht faireacháin de réir bhrí Airteagal 8 [den Rialachán sin]?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fomhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO 2010. L 295, lch. 23).