Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – VY v an Pharlaimint

(Cás T-224/23) 1

(Státseirbhís – Ball foirne ar conradh – Foirceannadh an chonartha – An gníomh a chonspóidtear a tharraingt siar – Cúitimh as damáiste neamhábhartha – Dul in éag ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Fhraincís

Páirtithe

Iarratasóir: VY (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Seyr, K. Zejdová agus R. Schiano, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní cinneadh an 9 Meitheamh 2022, lena bhfoirceanntar a chonradh fostaíochta agus cinneadh an 17 Eanáir 2023 lena ndiúltaítear dá ghearán dírithe i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid agus, ar an dara dul síos, go gcúiteofaí an damáiste a bhain dó.

An chuid oibríochtúil

Níl gá rialú a dhéanamh ar an gcaingean a tuilleadh.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc.

____________

1     IO C 235, 3.7.2023.