Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Nehera agus páirtithe eile v EUIPO – Zdút (nehera, NEHERA agus NEHERA PRAGUE)

(Cásanna T-334/23 go T-337/23)1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marcanna fíoracha agus focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh nehera, NEHERA agus NEHERA PRAGUE – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Gan aon mheon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Isabel Nehera (Sutton, Ontario, Ceanada), Natacha Sehnal (Montferrier sur Lez, an Fhrainc), Jean-Henri Nehera (Burnaby, British Colombia, Ceanada) (ionadaí: W. Woll, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Ladislav Zdút (Bratislava, an tSlóvaic) (ionadaí: Y. Echevarría García, Dlíodóir)

Ábhar

Trína gcaingne de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí cinntí Cheathrú Bord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Aibreán 2023 (Cásanna R 1216/2020-4 go R 1219/2020-4) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Déantar Cásanna T-334/23 go T-337/23 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.

Diúltaítear do na caingne.

Ordaítear do Isabel Nehera, Natacha Sehnal agus Jean-Henri Nehera a gcostais féin a íoc agus na costais a thabhaigh Ladislav Zdút os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 286, 14.8.2023.