Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Márta 2024 – Bodegas Aguiuncho, SL v EUIPO (ALBARIÑO mar de ons)
(Cás T-398/23) 1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – An marc níos luaithe a chur ar ceal ar dhul in éag don chlárú – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Bodegas Aguiuncho, SL (Sanxenxo, an Spáinn) (ionadaí: J. Diez Roig, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Mar de Frades, SL (Cartagena, an Spáinn) (ionadaithe: I. Sempere Massa, J. Schmitt agus V. Balaguer Fuentes, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Bealtaine 2023 (Cás R 0164/2023-1) a chur ar neamhní agus a leasú.
An chuid oibríochtúil
1) Ní gá breithiúnas a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.
2) Ordaítear do Mar de Frades, SL a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Bodegas Aguiuncho, SL, a íoc. Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 314, 4.9.2023.