Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – DZ Hyp v BRA

(Cás T-395/21) 1

(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair d'Institiúidí Creidmheasa agus do Ghnólachtaí Infheistíochta Áirithe (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2021 – Dualgas cúiseanna a lua – Cosaint dlí éifeachtach – Cóir chomhionann – Prionsabal na comhréireachta – Corrlach lánroghnach BRA – Pléadáil neamhdhleathachta – Corrlach breithmheasa an Choimisiúin – Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir : Bayerische Landesbank (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Dlíodóirí)

Cosantóir : an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, T. Wittenberg agus D. Ceran, Gníomhairí agus H.-G. Kamann, F. Louis, P. Gey agus L. Hesse, Dlíodóirí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir : an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou agus A. Steiblytė, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2021 don Chiste Réitigh Aonair (CRA), a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021, maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2021 don Chiste Réitigh Aonair, ar neamhní a mhéid a bhaineann le DZ Hyp AG.

Déantar na héifeachtaí a eascraíonn ó Chinneadh SRB/ES/2021/22, a mhéid a bhaineann le DZ Hyp AG, a chothabháil, laistigh de thréimhse réasúnach ama nach féidir a bheith níos faide ná sé mhí ó dháta seachadta an bhreithiúnais seo, go dtí do dtiocfaidh cinneadh nua de chuid BRA lena socraítear ranníocaíocht ex ante na bunaíochta seo don tréimhse ranníocaíochta 2021.

Ordaítear do BRA na costais arna dtabhú ag DZ Hyp AG a íoc, i dteannta a chostais féin.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 349, 30.8.2021.