Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam (an Ísiltír) a taisceadh an 18 Eanáir 2024 – Stichting Right to Consumer Justice, Stichting App Stores Claims v Apple Distribution International Ltd Apple Inc.

(Cás C-34/24, Stichting Right to Consumer Justice en Stichting App Stores Claims)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Amsterdam

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Stichting Right to Consumer Justice, Stichting App Stores Claims

Cosantóirí: Apple Distribution International Ltd, Apple Inc.

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ceist 1 (Áit an teagmhais)

(a)    I gcás amhail é atá i gceist sna príomhimeachtaí, inar tharla mí-úsáid ceannasachta líomhainte de réir bhrí Airteagal 102 CFAE i mBallstát trí dhíolacháin trí ardán ar líne arna oibriú ag Apple agus atá dírithe ar an mBallstát ina iomláine, agus Apple Ireland ag gníomhú mar dháileoir eisiach agus mar ghníomhaire coimisiúin an fhorbróra agus ag baint coimisiúin ón bpraghas ceannaigh, cén áit ba cheart a mheas mar an áit ina tharla an teagmhas díobhálach de réir bhrí Airteagal 7(2) de Rialachán An Bhruiséil Ia 1 ? An bhfuil sé ábhartha i ndáil leis sin go bhfuil an t-ardán ar líne inrochtana ar fud an domhain?

(b)    An ndéanann sé difear sa chomhthéacs sin go mbaineann na himeachtaí sin le héilimh a tugadh faoi Airteagal 3:305a BW (Cód Sibhialta na hÍsiltíre) ag duine dlítheanach arb é a chuspóir, de bhun a chirt féin, ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna comhchoiteanna úsáideoirí éagsúla a bhfuil oifigí cláraithe acu i limistéir dlínse éagsúla (san Ísiltír: ‘arrondissementen’: ceantair) laistigh de Bhallstát amháin?

(c)    Más rud é, ar bhonn Cheist 1(a) (agus/nó 1(b)) nach bhfuil cúirt amháin ach roinnt cúirteanna intíre a bhfuil dlínse acu ainmnithe sa Bhallstát lena mbaineann, an gcuirtear cosc le hAirteagal 7(2) de Rialachán An Bhruiséil 1a ar chur i bhfeidhm dlí náisiúnta (nós imeachta) lena gceadaítear tarchur chuig cúirt amháin laistigh den Bhallstát sin?

Ceist 2 (Áit an damáiste)

(a)    An féidir, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, inar tharla an damáiste líomhainte mar gheall ar cheannacháin aipeanna agus táirgí digiteacha ionaipe trí ardán ar líne arna oibriú ag Apple (App Store), ina bhfuil Apple Ireland ag gníomhú mar dháileoir eisiach agus gníomhaire coimisiúin le haghaidh na bhforbróirí agus ag baint coimisiúin ón bpraghas ceannaigh (agus ina raibh mí-úsáid ceannasachta líomhainte de réir bhrí Airteagal 102 CFAE agus sárú líomhainte ar an toirmeasc ar chomhaontuithe sriantacha de réir bhrí Airteagal 101 CFAE) agus nach féidir an áit ina ndearnadh na ceannacháin a chinneadh, nach féidir ach oifig chláraithe an úsáideora a bheith mar nascfhachtóir don áit inar tharla an damáiste de réir bhrí Airteagal 7(2) de Rialachán An Bhruiséil Ia? Nó an bhfuil nascfhachtóirí eile sa chás sin a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun an chúirt inniúil a aithint?

(b)    An ndéanann sé difear sa chomhthéacs sin go mbaineann na himeachtaí seo le héilimh arna dtabhairt faoi Airteagal 3:305a BW ag duine dlítheanach arb é is cuspóir leis, de bhun a chirt féin, ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna comhchoiteanna úsáideoirí aonair a bhfuil a n-oifigí cláraithe acu i limistéir dlínse éagsúla (san Ísiltír: ‘arrondissementen’: ceantair) laistigh de Bhallstát?

(c)    Más rud é, ar bhonn Cheist 2(a) (agus/nó 2(b)) go n-ainmnítear cúirt intíre atá inniúil sa Bhallstát lena mbaineann nach bhfuil dlínse aici ach maidir le héilimh roinnt de na húsáideoirí sa Bhallstát sin, agus go bhfuil dlínse ag cúirteanna eile a bhfuil dlínse chríochach acu sa Bhallstát maidir le héilimh úsáideoirí eile, an gcuirtear bac le hAirteagal 7(2) de Rialachán An Bhruiséil Ia ar chur i bhfeidhm an dlí (nós imeachta) náisiúnta lena gceadaítear tarchur chuig cúirt aonair laistigh den Bhallstát sin?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).