Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Rómáin) arna taisceadh an 11 Eanáir 2023 — Remia Com Impex SRL v Autoritatea Națională Sanitară Veterinară și pentru Siguranța Alimentelor, Direcția Sanitară Veterinară și pentru Siguranța Alimentelor Dolj

(Cás C-10/23, Remia Com Impex)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Înalta Curte de Casație și Justiție

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Remia Com Impex SRL

Freagróirí: Autoritatea Națională Sanitară Veterinară și pentru Siguranța Alimentelor, Direcția Sanitară Veterinară și pentru Siguranța Alimentelor Dolj

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Rialachán (CE) Uimh. 853/20041 ina iomláine agus go háirithe forálacha Airteagal 1(3) go (5), a léiriú sa chiall nach mór fuarstórais a bhíonn i mbun miondíola le bunaíochtaí miondíola eile, ach ní leis an tomhaltóir deiridh, a údarú i gcomhréir leis an Rialachán sin i gcás nach dtagann an ghníomhaíocht lena mbaineann faoi na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 1(5)(b)?

An gcaithfear an Rialachán sin agus dlí an Aontais, go ginearálta, a léiriú sa chiall go gceanglaítear ar na húdaráis náisiúnta atá inniúil as cur chun feidhme an bheartais a áirithiú, arb é an beartas agus an cuspóir atá le baint amach leis an reachtaíocht agus as a áirithiú go gcomhlíontar oibleagáidí comhfhreagracha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, an coinníoll maidir le gníomhaíocht bheag, logánaithe agus shrianta, atá in Airteagal 1(5)(b)(ii) a léiriú i bhfianaise aithris 13 den Rialachán sin, nó an bhféadfadh siad maolú ón léiriú sin trína sainmhínithe féin ar na téarmaí?

I gcás freagra dearfach ar an dara ceist, an gá go n-urramóidh na sainmhínithe ábhartha, atá i mbeart náisiúnta lena dtrasuítear an Rialachán, substaint na gcoincheap, mar a thuairiscítear in aithris 13?

Ós rud é go bhforáiltear le forálacha Airteagal 17 de Normele atașate Ordinului No 111/2008 (Rialacha a ghabhann le hOrdú Uimh. 111/2008) go bhféadfar gníomhaíochtaí chun táirgí a sholáthar agus a dhíol le bunaíochtaí miondíola eile ar fud na Rómáine a áireamh sa ghníomhaíocht ina miondíoltar táirgí de bhunadh ainmhíoch gan oibleagáid údarú tréidliachta a fháil, an gcuirtear cosc le dlí an Aontais agus, go háirithe, Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ar aon fhoráil riaracháin agus/nó cleachtas riaracháin den sórt sin?

An gceanglaítear le prionsabal na coibhéise, i gcás ina bhféadfar beart ó údarás riaracháin a chur ar neamhní toisc nach bhfuil sé i gcomhréir le dlí náisiúnta, go bhféadfar an gníomh riaracháin sin a chur ar neamhní freisin i gcás nach gcomhlíonann rialacháin ábhartha de chuid an Aontais, amhail Rialachán (CE) Uimh. 853/2004?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO 2004 L 139, lch. 55).