Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 1 Márta 2024 ag TEAG Thüringer Energie AG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-56/21, Thüringer Energie AG v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-173/24 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: TEAG Thüringer Energie AG (ionadaithe: I. Zenke, Rechtsanwältin agus T. Heymann, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, E.ON SE, RWE AG

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023, TEAG Thüringer Energie AG v an Coimisiún (T-56/21) a chur ar ceal agus Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 17 Meán Fómhair 2019 maidir leis an gcomhchruinniú ‘E.ON/innogy’ (Cás M.8870, IO 2020 C 379, lch. 16) a chur ar neamhní;

mar mhalairt air sin agus in aon chás, Cás T-56/21 a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta le haghaidh aon chinneadh a bheidh riachtanach;

a ordú don Choimisiún na costais, lena n-áirítear na costais a thabhaigh an t-achomharcóir i gCás T-56/21, lena n-áirítear táillí dlíodóra agus costais taistil, a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, ardaítear cúig shaincheist dlí:

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta léiriú mícheart ar dhlí an Aontais Eorpaigh, eadhon Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 21(1) den Rialachán um Chumaisc 1 . Rinne sí earráid nuair nár chuir sí i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE mar gheall ar éifeacht líomhainte blocála faoi Airteagal 21 den Rialachán um Chumaisc, agus nuair a rinne sí neamhaird ar an bhfianaise arna tabhairt ar aird ag an iarratasóir go raibh comhaontú cairtéil idir E.ON agus RWE agus sháraigh sí a chearta nós imeachta nuair nár chuir sí san áireamh an fhianaise a thug sé ar aird.

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair nár mheas sí go raibh nósanna imeachta riaracháin M.8870, M.8871 agus B8 28/19 mar chuid de chomhchruinniú amháin, a raibh sé éigeantach iad a scrúdú mar chuid den nós imeachta um rialú cumasc, agus sáraíodh leis sin Airteagal 3 den Rialachán um Chumaisc. Ar thaobh amháin, cuireadh as an áireamh infheistíocht 16.67% a rinne RWE in E.ON. Ar an taobh eile, rinneadh neamhaird ar choincheap an chomhchruinnithe faoi Airteagal 3 den Rialachán um Chumaisc, arna léamh i gcomhar le haithris 20 den Rialachán sin.

Ar an tríú dul síos, sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 2 den Rialachán um Chumaisc trí shainiú mícheart ar an margadh, measúnú mícheart ar iarmhairtí an chomhchruinnithe agus tréimhse réamhaisnéise mhícheart agus aicmiú mícheart na ngealltanas.

Ar an gceathrú dul síos, tá tuaiplisí follasacha agus saobhadh fianaise sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, agus rinneadh iarratas ar an mbreithiúnas a cheartú freisin.

Ar deireadh, ar an gcúigiú dul síos, d’fhorchuir an Chúirt Ghinearálta ceanglais fianaise iomarcacha maidir leis an gcruthúnas ar earráidí follasacha measúnaithe, trína éileamh roinnt uaireanta, go léireodh an t-iarratasóir toradh imscrúduithe nach bhfuil déanta ag an gCoimisiún agus go gcuirfidh sé fianaise ríofa ar fáil ar na conclúidí nithiúla a dtiocfadh an Coimisiún orthu dá mbeadh scrúdú ceart déanta aige. Thairis sin, sháraigh an Chúirt Ghinearálta na prionsabail maidir le dáileadh an ualaigh fianaise trí iarratas an iarratasóra chun doiciméid nós imeachta a thabhairt ar aird a dhiúltú.

____________

1 Rialachán (CEE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).