Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2023 – Chiquita Brands v EUIPO – Jara 2000 (“CHIQUITA QUEEN”)

(Cás T-79/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Chiquita Brands LLC (Fort Lauderdale, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: R. Dissmann agus L. Jones, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Jara 2000, SL (Murcia, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “CHIQUITA QUEEN” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 075 274

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc EUIPO an 13 Nollaig 2022 i gCás R 1811/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear costais an achomharcóra arna dtabhú sna himeachtaí os comhair EUIPO.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________