Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 21 Feabhra 2022 ag Zoï Apostolopoulou agus Anastasia Apostolopoulou-Chrysanthaki i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) an 21 Nollaig 2021 i gCás T-721/18 agus T-81/19 Apostolopoulou agus Apostolopoulou-Chrysanthaki v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-124/22 P)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Achomharcóirí: Zoï Apostolopoulou agus Anastasia Apostolopoulou-Chrysanthaki (ionadaí: Dionysios Gkouskos, dikigoros)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc ón gCúirt Ghinearálta an 21 Nollaig 2021 i gCásanna Uamtha Τ-721/18 agus Τ-81/191 a chur ar ceal;

an t-achomharc a cheadú i gCásanna Uamtha Τ-721/18 agus Τ-81/19;

a ordú do na páirtithe eile sna himeachtaí na costais arna dtabhú ag na hachomharcóirí a íoc ag an gcéad chéim agus san achomharc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Chun tacú leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí cúig shaincheist dlí.

1. An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear réasúnú contrártha agus earráideach maidir le sárú phrionsabal an dea-riaracháin ag an gCoimisiún

Sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta mar neamh-inghlactha saincheist dlí na n-achomharcóirí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin ag glacadh leis nach leagtar amach sna hiarratais sna cásanna uamtha na gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla ar a bhfuil an tsaincheist seo bunaithe, is é sin le rá, bhí an Chúirt Ghinearálta ag brath ar réasúnú mícheart agus earráideach ós rud é 1) gur chinn an Chúirt Ghinearálta í féin go raibh ábhar na n-iarratas lenar tionscnaíodh imeachtaí beacht, soiléir agus iomlán agus dhiúltaigh sí an pléadáil neamh-inghlacthachta bunaithe ar nádúr doiléir na n-iarratas sin a d'ardaigh an Coimisiún (mír 73 den bhreithiúnas atá faoi achomharc); 2) chinn an Chúirt Ghinearálta féin (mír 124 den Bhreithiúnas faoi achomharc) gur chuir an Coimisiún san áireamh ina phléadálacha i scríbhinn, vis-à-vis na n-achomharcóirí, na líomhaintí bréagacha a mheasann na hachomharcóirí gurb iompar atá contrártha do phrionsabal an dea-riaracháin é. I bhfocail eile, ní hamháin go bhfuil na gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla leagtha amach (mar is léir ach na pléadálacha a léamh sa dá chás), ach bhí an Chúirt Ghinearálta í féin tar éis rialú a dhéanamh orthu sin cheana féin; 3) Is fianaise ann féin é cinneadh na Cúirte go ndearna an Coimisiún líomhaintí bréagacha i gcoinne na n-achomharcóirí i gcomhthéacs imeachtaí dlíthiúla, agus é d’aidhm acu suimeanna airgid NÁR deonaíodh do na hachomharcóirí, gur sárú follasach ar phrionsabal an dea-riaracháin ag an gCoimisiún. Murach sin, chaithfí glacadh leis gur cleachtas a chomhlíonann rialacha an dea-riaracháin, dearbhuithe bréagacha chun dochair do shaoránaigh an Aontais, ó institiúid an Aontais os comhair cúirt náisiúnta.

2. An dara saincheist dlí, lena n-éilítear réasúnaíocht mhíchuí bunaithe ar argóintí nár cuireadh ar aghaidh agus mainneachtain rialú a dhéanamh ar na haighneachtaí a rinneadh sna hiarratais a bhaineann le damáistí agus le hús mar gheall ar phian agus fulaingt a eascraíonn as líomhaintí sonracha bréagacha agus clúmhillteacha áirithe a rinne an Coimisiún.

In ionad scrúdú a dhéanamh ar na héilimh shonracha bhréagacha agus chlúmhillteacha i gcoinne na n-achomharcóirí agus ar na sleachta i bpléadálacha i scríbhinn an Choimisiúin, a bhí mar chúlra agus ábhar an dá chaingean, d’fhonn a chinneadh an sárú ar phearsantacht na n-achomharcóirí iad agus an féidir an sárú sin a bheith mar bhunús cúiteamh a fháil mar gheall ar phian agus fulaingt, mar a mhaígh na hachomharcóirí ina n-iarratas, chinn an Chúirt Ghinearálta nár éiligh an Coimisiún go raibh na hachomharcóirí ciontach i ngníomhartha calaoiseacha agus, ar an mbonn sin, dhíbh sí na caingne sna cásanna uamtha. Níl baint ag measúnú den sórt sin le hábhar na gcaingne sna cásanna uamtha, áfach, toisc nach bhfuil na hachomharcóirí ag lorg damáistí sna caingne ar an bhforas gur éiligh an Coimisiún gníomhartha calaoiseacha ina leith. Trí chinneadh a dhéanamh ar an mbealach sin, tá an Chúirt Ghinearálta ag rialú ar phléadáil nár ardaigh na hachomharcóirí, agus mar sin ní hionann an measúnú sin agus réasúnaíocht cheart. Mar sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta, sa chéad áit, rialú a dhéanamh ar chaingne na n-achomharcóirí agus, sa dara háit, theip uirthi a breithiúnas a bhunú ar réasúnaíocht cheart.

3. An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear saobhadh argóintí na n-achomharcóirí agus measúnuithe contrártha ar shárú ar phrionsabal na cothroime nós imeachta agus ar an gceart chun triail chóir a fháil

Ar bhealach go hiomlán contrártha, déanann an Chúirt Ghinearálta, agus í ag dearbhú i ceart, go n-éilíonn na hachomharcóirí go bhfuil iompar a bhfuil an Coimisiún cúisithe i gcás T-81/19 contrártha do dhualgas na fírinne agus do chothroime na bpáirtithe, ar prionsabal coiteann é de réir dhlí na mBallstát, gur chinn an bunphrionsabal ginearálta de dhea-riarachán an cheartais (an ceart chun triail chóir a fháil), nár agair na hachomharcóirí an sárú ar riail dlí an Aontais. Mar sin féin, is é sin a eascraíonn as léamh simplí ar aighneachtaí a n-achomharc. Agus é sin á dhéanamh aici, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta rialú ina leith sin ar an gcaingean i gcás T 81/19 agus bhraith sí ar réasúnú contrártha agus neamhrialta.

4. An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh saobhadh ar ábhar na gcaingne agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm mícheart Airteagail 299, 268 agus 340 CFAE

Chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart 1) gurbh é iompar ionadaithe an Choimisiúin (mar ionadaithe dlí) ábhar na díospóide, ach gurb é an Coimisiún féin atá ina pháirtí sa díospóid agus atá faoi dhliteanas i leith na híocaíochta den chúiteamh as a dhliteanas neamhchonarthach; 2) go dtagann sárú dhualgais na fírinne ag an gCoimisiún agus sárú ar cheart na n-achomharcóirí chun triail chóir a fháil faoi réir dhlíthiúlacht na mbeart cur chun feidhme atá faoi na cúirteanna náisiúnta a chur i gcrích, cé go bhfuil na sáruithe a dhéanann an Coimisiún dá dtagraítear sna gcaingne sáruithe ar chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais ag institiúid de chuid an Aontais as a n-eascraíonn an ceart chun cúiteamh ar dhliteanas neamhchonarthach, ar a bhfuil dlínse ina leith sin ag an gCúirt amháin faoi Airteagail 268 agus 340 CFAE; agus 3) go ndéanann na hachomharcóirí sárú ar riail nós imeachta náisiúnta a agairt, de bhrí go ndéanann siad sárú ar phrionsabail an dlí is coiteann do na Ballstáit, ar phrionsabal ginearálta dhlí an Aontais agus ar chearta bunúsacha an duine atá faoi chosaint dhlí an Aontais, mar is léir ó léamh simplí ar na hiarratais agus mar a ghlac an Chúirt Ghinearálta í féin i sleachta eile dá breithiúnas.

5. An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear léirmhíniú agus cur i bhfeidhm mícheart d’Airteagail 299, 317 agus 325 CFAE.

Cé go dtugann an Chúirt Ghinearálta go hiomlán faoi deara, dea-bhunús éileamh an Coimisiún as "tuarascálacha míthreoracha" chun dochair do na hachomharcóirí, leathnaíonn sí ar shlí atá go hiomlán treallach ceart an Choimisiúin dlús a chur le forghníomhú éilimh, trí neamhaird a dhéanamh, ar bhealach aisteach agus gan fasach ó thaobh machnaimh dhlíthiúil, ar an bhfíric nach féidir leis an gCoimisiún an ceart doshannta seo a fheidhmiú ar shlí bhréagach agus trí chearta bunúsacha na n-achomharcóirí a shárú, arb ionann iad agus an tairseach íosta dhaonlathach maidir le haon iompar neamhdhleathach de chuid institiúidí an Aontais.

____________

1 ECLI: ECLI:EU:T:2021:933