Language of document :

Caingean arna tabhairt an 5 Feabhra 2024 – Birių Krovinių Terminalas v EUIPO – Btk Befrachtungs-und Transportkontor (BKT)

(Cás T-56/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Birių Krovinių Terminalas UAB (Klaipėda, Lithuania) (ionadaí: V. Viešūnaitė, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Btk Befrachtungs-und Transportkontor GmbH (Rosenheim, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BKT’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 445 462

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Nollaig 2023 i gCás R 637/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid, inar seasadh le cinneadh Rannán Freasúra EUIPO an 24 Eanáir 2023, a chur ar neamhní;

a ordú don pháirtí eile na costais, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir de réir bhrí Airteagail 134, 139, 140, 190 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________