Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Bucureşti (an Rómáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2023 – Bursa Română de Mărfuri SA v Autoritatea Naţională de Reglementare în domeniul Energiei (ANRE)

(Cás C-775/23, Bursa Română de Mărfuri)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Bucureşti

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bursa Română de Mărfuri SA

Cosantóir: Autoritatea Naţională de Reglementare în domeniul Energiei (ANRE)

idiragraithe: Cónaidhm Eorpach na dTrádálaithe Fuinnimh, London Energy Brokers’ Association – LEBA, European Venues & Intermediaries Association – EVIA

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An sáraítear le foráil náisiúnta lena gceanglaítear nach ndeonófar ach ceadúnas amháin chun an margadh leictreachais a bhainistiú an tsaoirse bhunaíochta atá leagtha síos in Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh?

2.    Ar cheart Airteagal 35 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi a chiallaíonn gur beart í an reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar tháirgeoirí leictreachais intíre agus Eorpacha an leictreachas iomlán atá ar fáil ar ardáin arna n-oibriú ag oibreoir aonair arna ainmniú chun seirbhísí trádála ar an margadh náisiúnta leictreachais a thairiscint, a bhfuil éifeacht aige atá comhionann le srian cainníochtúil ar onnmhairí nach féidir údar a thabhairt leis ar fhorais na slándála poiblí a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh, a mhéid nach bhfuil an reachtaíocht sin comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú?

3.    Ar cheart Airteagail 102 agus 106(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a léiriú sa chaoi a chiallaíonn gur srian ar iomaíocht de réir bhrí na bhforálacha sin an reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfar, ar leibhéal an Bhallstáit sin, ceadúnas aonair a dheonú chun seirbhísí idirghabhála a sholáthar do thairiscintí chun leictreachas a dhíol agus a cheannach ar an margadh mórdhíola todhchaíochtaí?

____________