Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Judiciaire de Nanterre (an Fhrainc) a taisceadh an 23 Feabhra 2024 – TJ v Direction régionale des finances publiques d’Ile de France et de Paris

(Cás C-141/24, Direction régionale des finances publiques d’Ile de France et de Paris)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Judiciaire de Nanterre

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: TJ

Cosantóir: Direction régionale des finances publiques d’Ile de France et de Paris

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil prionsabal na saorghluaiseachta caipitil a ráthaítear le hAirteagal 63 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi go gceadaítear an cánachas uathoibríoch dá bhforáiltear le forálacha Airteagal 755 de Chód Ginearálta na gCánacha, sócmhainní arna sealbhú thar lear nár dearbhaíodh faoi choinníollacha an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal L.23c den Leabhar Nósanna Imeachta Cánach, agus nach bhfuil a dtionscnamh agus a dtéarmaí fála léirithe, cé go bhfágann sé nach bhfuil feidhm ag ag cosc ama nuair a léiríonn an cáiníocóir go bhfuair sé na sócmhainní seo le linn tréimhse atá faoi chosc ama?

Sa chás go dtugtar freagra diúltach ar an gceist sin, an gá a thuiscint go gcaithfear aon nós imeachta ceartúcháin atá bunaithe ar na forálacha thuasluaite a chur ar ceal, fiú mura bhfuil aon éifeacht lena n-eisiatar cosc ama i gceist sa chás atá curtha faoi bhráid an riaracháin cánach i gcomhair athbhreithniú?

____________