Language of document :

Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2024 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne

(Cás C-331/24)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: N. Ruiz García agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Spáinne

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Spáinne ina cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 13(7) agus 15(1) de Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, 1 i ndáil leis na pleananna bainistithe abhantraí le haghaidh na gceantar abhantraí ES122 Fuerteventura, ES123 Lanzarote agus ES125 La Palma;

a dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Spáinne ina cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 14(3) agus 15(1) de Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le rioscaí tuilte a mheasúnú agus a bhainistiú, 1 i ndáil leis na pleananna bainistithe riosca tuilte le haghaidh na gceantar abhantraí ES122 Fuerteventura, ES123 Lanzarote agus ES125 La Palma; agus

a ordú do Ríocht na Spáinne na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ar an gcéad dul síos, a mhéid nach ndearna an Spáinn athbhreithniú ar na pleananna bainistithe abhantraí le haghaidh na gceantar abhantraí ES122 Fuerteventura, ES123 Lanzarote agus ES125 La Palma, ná iad a thabhairt cothrom le dáta – in ainneoin gurbh é an 22 Nollaig 2021 an teorainn ama le hamhlaidh a dhéanamh – ná nár sheol sí na pleananna athbhreithnithe chuig an Coimisiún roimh an 22 Márta 2022 ach an oiread dá bhrí sin , áitíonn an Coimisiún gur mhainnigh Ríocht na Spáinne ina cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 13(7) agus 15(1) de Threoir 2000/60/CE.

Ar an dara dul síos, a mhéid nach ndearna an Spáinn athbhreithniú ar na pleananna bainistithe riosca tuilte le haghaidh na gceantar abhantraí ES122 Fuerteventura, ES123 Lanzarote agus ES125 La Palma, ná iad a thabhairt cothrom le dáta – in ainneoin gurbh é an 22 Nollaig 2021 an teorainn ama le hamhlaidh a dhéanamh – ná nár sheol sí na pleananna athbhreithnithe chuig an Coimisiún roimh an 22 Márta 2022 ach an oiread dá bhrí sin, áitíonn an Coimisiún, gur mhainnigh Ríocht na Spáinne ina cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 14(3) agus 15(1) de Threoir 2007/60/CE.

____________

1 IO 2000 L 327, lch.1

1 IO 2007, L 288, lch. 27